Coimisinéir (Parlaimint na hAlban)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Shuigh an t-ailtire William Bruce i bParlaimint na hAlban mar choimisinéir síre do Fhìobha (1669-74), agus do Shiorrachd Cheann Rois (1681-2).
Toghadh Fletcher de Saltoun sa bhliain 1678 ina Choimisinéir do Haddingtonshire .
Teach na Parlaiminte, Dùn Èideann

Reachtóir ab ea coimisinéir a ceapadh nó a toghadh chun feidhmiú ar son buirge nó contae ríoga i bParlaimint na hAlban réamh- Aontachta agus i gCoinbhinsiún na nEastát (Béarla: Convention of the Estates) gaolmhar. Is téarmaí comhionanna iad Feisire Parlaiminte (FP) agus Teachta i dtíortha eile.

Ba reachtais aon seomra iad Parlaimint na hAlban (ar a dtugtar na Trí Eastát freisin) agus Coinbhinsiún na nEastát, mar sin shuigh na coimisinéirí taobh le prealáid (an Chéad Eastát) agus baill den uaisle (an Dara hEastát).

Coimisinéirí na mBuirgí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad Coimisinéirí na mBuirgí an tríú heastát, agus ba iad an grúpa coimisinéirí ba faide bunaithe agus ba chumhachtaí sa pharlaimint. D'fhreastail siad ar dtús sa bhliain 1326.

Is minic a ghníomhaigh agus a rinne na coimisinéirí stocaireacht le chéile, le cúnamh ón bhfíric gur minic a bhuail Coinbhinsiún na mBuirgí Ríoga i gcomhar le seisiúin pharlaiminteacha.

Coimisinéirí na Síreanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón 16ú haois ar aghaidh, atheagraíodh dara heastát na n-uaisle trí choimisinéirí síreanna ó na huaisle íochtaracha a roghnú: maíodh gur chruthaigh sé seo an ceathrú heastát.

Sheol gach sír (contae), ceantar rialtais áitiúil (Béarla: stewartry) nó constáblacht bheirt chonstáblachtchun na parlaiminte, cé is moite de na síreanna beaga Chloch Mhanannáin agus Chinn Rois nár sheol ach ceann amháin.[1] Ní raibh ach vóta amháin ag gach sír, áfach, rud a chiallaíonn go raibh ar an dá choimisinéir comhoibriú agus comhréiteach a dhéanamh lena chéile. Is cosúil go raibh plena potestas (lánchumhacht) ina sheilbh acu, agus níor ghá dóibh dul i gcomhairle lena dtoghthóirí.

Ba mhionbharúin iad na coimisinéirí contae, agus ba é an toghchán síreanna ba luaithe a taifeadadh ná an toghcháin i Siorrachd Obar Dheathain ar an 31 Eanáir 1596 .

Leathnaigh cumhachtaí na gcoimisinéirí síreanna go mór le himeacht ama, go háirithe leis an laghdú fadtéarmach ar chumhacht na bprealáidí. Sa bhliain 1640, chuir na Cúnantóirí deireadh leis na heaspagóideachtaí, agus tugadh a vóta féin do gach coimisinéir síre. Lean an socrú seo ar aghaidh le hAthchóiriú na hEaspagóideachtah in Albain sa bhliain1662..

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ard-Choimisinéir do Pharlaimint na hAlban, coimisinéir pearsanta an mhonarc don pharlaimint, tar éis Aontas na gCorónach 1603, nuair a bhí cónaí ar mhonarc na hAlban i Sasana
  • Liosta na dtoghcheantar i bParlaimint na hAlban tráth an Aontais
  • Feisire de Pharlaimint na hAlban (ball den reachtas cineachta a cruthaíodh i 1999)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]