Clarence MacFhionghain MacNeacail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaClarence MacFhionghain MacNeacail
Beathaisnéis
Breith13 Lúnasa 1904
Dominion, Nova Scotia Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1980
75/76 bliana d'aois

Rugadh an tUrramach Clarence MacFhionghain MacNeacail ar an 13 Lúnasa 1904 sa Dominion, Albain Nua, Ceanada. B'iad Alasdair Gileasbuig MacNeacail (1868–1943), agus Mairi Harriet Fearghastan (1873–1966) a thuismitheoirí.

Tá cáil air mar gheall ar a ról mar Mhodhnóir Eaglais Aontaithe Cheanada ó 1950 go 1952.

Phós sé Ethel Mairi NicGille Fhaolain agus bhí beirt mhac acu, Greum MacNeacail (1936–) agus Daibhidh MacNeacail (1941–2008).