Claonaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist leis an gclaonaíocht ná coincheap socheolaíochta a thagraíonn do scinneadh an duine ó noirm na sochaí. Cuid den chlaonaíocht é an coirpeachas, arb ionann é agus scinneadh ón dlí, ach thairis sin, claonaíocht de chineál eile atá i gceist nuair a bhristear nós nó béas.

Claonaíocht mar shárú na norm sóisialta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na noirm na treoracha a dtugann baill na sochaí aird orthu de ghnáth. Is féidir an norm a shainmhíniú mar riail, nó mar rud a bhfuiltear ag súil leis de réir na nósanna. Is féidir go bhfuil noirm dhá chultúr ag teacht salach ar a chéile, ionas go nglacann cultúr amháin le rudaí ar claonaíocht ghlan iad sa chultúr eile.

Is é an cur síos a thugann lucht na socheolaíochta ar an gclaonaíocht mar scinneadh ón norm sóisialta, ná gur smaoineamh, mothúchán nó gníomh atá ann a sháraíonn luachanna nó rialacha an ghrúpa shóisialta, nó rialacha na dea-iompraíochta sa ghrúpa, agus gur sárú chomh tromchúiseach atá ann is nach féidir le baill an ghrúpa nó na sochaí neamhshuim a dhéanamh de.

Teoiricí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feidhmiúlachas struchtúrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idirghníomhaíocht shiombaileach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teoiric na coimhlinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cineálacha claonaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]