Printéir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Clóire)
Printéir de chuid Hewlett-Packard
Printéir de chuid Canon

Is gléas forimeallach ríomhaireachta é printéir[1] (nó clóire) a mbaintear feidhm as le haschur ríomhaire a chlóbhualadh ar pháipéar nó ar ábhar eile. Trí chnaipe a bhrúigh ar scáileán an ríomhaire, is féidir cáipéis nó comhad a chlóbhualadh go han-tapa ar fad sna printéirí. Bíonn páipéar agus dúch nó tonóir sa phrintéir agus clóbhuailtear an cháipéis agus an comhad go tapa. I bprintéirí an lae inniu, ní dhéanann siad teagmháil dhíreach leis an bpáipéar mar a tharla san am atá thart.

Is féidir le printéir bheith ceangailte le ríomhaire amháin nó líonra de ríomhairí. Bíonn cead ag gach duine sa líonra feidhm a bhaint as an bprintéir. Is mar seo a bhíonn sé in oifig de ghnáth. Ní gá don phrintéir bheith ceangailte le ríomhaire le sreanga. Is féidir le ríomhaire nascadh le printéir trí chóras fodhearg nó Bluetooth. Is féidir gach cineál comhaid a chlóbhualadh sna printéirí is nua-aimseartha. Is féidir cáipéisí, íomhánna, grianghraif agus taispeántais a chlóbhualadh. Is féidir leo a bheith daite más é sin mian an té a chlóbhuail iad.


Cineálacha printéirí nua-aimseartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na príomhchineálacha atá ar an margadh anois ná:

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “printéir” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2022-09-05.