Celaenia excavata

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCelaenia excavata Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata  
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeArachnida
OrdAraneae
FineAraneidae
GéineasCelaenia
SpeiceasCelaenia excavata Cuir in eagar ar Wikidata
(Koch, 1867)
Ainmníocht
An chéad ainm Laidine a bhí airCyrtogaster excavata Cuir in eagar ar Wikidata

Damhán beag coitianta is ea Celaenia excavata (damhán caca éincacadán) atá le fáil go minic i ngairdíní. Itheann sé feithidi, go háirithe féileacáin oíche.

Cuireann an damhán seo dealramh caca éin air féin mar cheileatram. Dath dubh agus bán atá air, agus fanann an damhán baineannach gan bhogadh ar feadh an lae, a cosa tarraingthe aníos agus a bolg ina chruit. Is lú toirt an damháin fhireannaigh ná toirt an damháin bhaineannaigh.

Scaoileann an damhán seo uaidh boladh atá cosúil le faramón gnéis a úsáideann féileacáin bhaineannacha oíche chun féileacáin fhireannacha a mhealladh. Nuair a dhruideann na féileacáin úd isteach leis an damhán beirtear orthu.

Is féidir leis an damhán caca éin suas le trí saic uibheacha déag a bhreith. Tá dath dúdhonn orthu agus baill dhubha, agus fágtar ar crochadh sa líon iad. Bíonn an damhán baineannach ag faire ar na huibheacha go dtí go dtagann an t-ál amach, rud a dhéantar, de ghnáth, i ndeireadh an gheimhridh nó i dtús an Earraigh.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eolas ar an gcacadán ó Mhúsaem Victoria Curtha i gcartlann 2011-11-14 ar an Wayback Machine