Ceart na bhFilí
Tugtar Ceart na bhFilí (nó Ceart na bhFileadh i nGaeilge na linne nó Ceart uaireanta) ar chaighdeán na linne Clasaicí, roimh "thonnbhriseadh an tseanghnáthaimh" sa 17ú haois. Nuair a bhí an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach i réim in Éirinn go fóill, mar shampla, ba iad na filí agus na cúirteanna filíochta a d'fhéach chuige nach scinnfeadh an úsáid i bhfad ón gcleachtas ceart.
Thosaigh tréimhse na Nua-Ghaeilge Moiche sa dóú haois déag agus tháinig deireadh léi sa tseachtú haois déag. An cineál Nua-Ghaeilge Mhoch a bhí á cleachtadh ag na filí cuairte tugtar Gaeilge Chlasaiceach air. Is gnách “ceart na bhfileadh”, is é sin caighdeán na bhfilí, a thabhairt ar an stíl seo chomh maith. Bhí Gaeilge na bhfilí sách difriúil le gnáthchaint na cosmhuintire, ós rud é gur teanga scríofa shaothraithe a bhí inti, agus í ag forbairt beag beann ar na canúintí labhartha. San am céanna ní teanga bhréagársa a bhí inti. Mar shampla, d’fháiltíodh sí roimh fhocail iasachta ón mBéarla.
Dhéanadh filí na sgol idirdhealú idir ceart na bhfileadh agus canamhain, a bhíodh níos scaoilte ó thaobh úsáid na dtuiseal, srl., ná mar a bhí na rialacha don fhilíocht. Tuairimíonn roinnt go bhfuil an t-idirdhealú sin cosúil leis an difear idir réimse foirmiúil na reachtaíochta agus réimsí eile úsáide sa lá atá inniu ann.[1]
Tá cuntas gearr ar Chanamhain le fáil san aiste a scríobh Damian McManus, i Stair na Gaeilge.