Jump to content

Carraig Aonair

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachCarraig Aonair
(ga) Carraig Aonair
(en) Fastnet Rock Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Chorcaí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 51° 23′ 18″ N, 9° 36′ 06″ O / 51.3883°N,9.6017°W / 51.3883; -9.6017
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mhuir Cheilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Tréithe
Toisí0.025 (leithead) × 0.05 (fad) km
Achar0.001 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Is oileán Éireannach í Carraig Aonair. Tá sí suite 6.5 ciliméadar amach ó Chléire agus 13 ciliméadar ó chósta Contae Chorcaí. Is oileánín cré shlinneach í le grianchloch tríd. Éiríonn sí 30 méadar (98 troigh) ar airde nuair a bhíonn sé ina lag trá. Tá cainéal ina teorainn idir an Charraig Aonair agus an Charraig Aonair Beag (Béarla: Little Fastnet). Tá sise i bhfad níos lú ná an Charraig Aonair fhéin.

Is í an Charraig Aonair an pointe is faide ó dheas in Éirinn. "Ireland’s Teardrop" a thugtar uirthi mar ba í an radharc deireanach ar Éirinn a fheiceadh eisimircigh agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar Mheirceá Thuaidh. Cuid lárnach den turasóireacht i ndeiscert Chorcaí é an suíomh seo.

Tá teach solais, darb ainm Fastnet Lighthouse, tógtha ar an oileán iargúlta. Tá sé 54 méadar ar airde agus is eisean an dara ceann a tógadh ar an oileán. Is é Fastnet Lighthouse an ceann is airde agus is leithne in Éirinn.

Is é an cúis ar tógadh an chéad teach solais ná gur chuaigh an long “Stephen Whitney” go tóin poill amach ó chósta an Lao Thiar ar an 10 Samhain 1847. Cailleadh 92 duine, idir phaisinéirí agus chriú. Níor tháinig ach 18 duine slán as. Ba é cúis na tragóide ná botún stiúrtha. Bhí an solas ar bharr an phointe is airde i gCléire clúdaithe le ceo dlúth, mar ba ghnách, agus cuireadh an long ar strae dá dheasca. Socraíodh teach solais a thógáil ar an gCarraig Aonair dá bharr. Cuireadh an tógáil i gcrích sa bhliain 1854. Tósaíodh ar theach solais nua a thógáil sa bhliain 1897 mar ní raibh an déantús sásúil a dhóthain don aimsir chrua.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]