Capall tarraingthe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is capall mór trom é an capall tarraingthe atá oiriúnach d'obair feirme
Dhá chapall faoin gcéachta

Is éard is capall tarraingthe (nó capall oibre) ann ná capall mór trom a úsáidtear chun tascanna crua a dhéanamh, mar shampla treabhadh nó obair eile ar an bhfeirm. Tá roinnt pórtha ann, a bhfuil tréithe éagsúla acu, ach tá tréithe áirithe ag baint leo go léir: láidreacht, foighne, agus ceansacht. Dá bharr seo, bhí capaill tarraingthe fíor-riachtanach d'fheirmeoirí leis na glúnta sa ré réamhthionsclaíochta.

Is iomaí feidhm a bhaintear as capaill tarraingthe agus capaill tarraingthe de phór measctha, mar shampla feirmeoireacht, taispeántais capall, lománaíocht, agus caitheamh aimsire. Is minic a úsáidtear capaill tarraingthe sa chrosphórú, go háirithe le pórtha éadroma marcaíochta ar nós na gcapall folaíochta. Cé go n-úsáidtear an chuid is mó de chapaill tarraingthe le haghaidh tiomána, is féidir iad a mharcaíocht freisin, agus tá roinnt de na pórtha níos éadroime an-chumasach faoi dhiallait.

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá capaill tarraingthe so-aitheanta mar gheall ar an airde mhór agus téagar maith atá iontu. Go ginearálta, bíonn guaillí níos dírí acu, rud a tháirgeann gluaiseacht níos dírí agus cruth atá an-oiriúnach don tarraingt. Bíonn droim gearr leathan agus ceathrúna deiridh cumhachtach acu, arís an-oiriúnach don tarraingt. Ina theannta sin, is gnách go mbíonn cnámha troma ag na capaill tarraingthe, agus clúmh fada timpeall na gcrúb. Tá leathaghaidh dhíreach nó “srón Rómhánach” ag go leor acu. Bíonn siad idir sé agus naoi lámha déag ar airde (.i. idir 163 agus 193 cm), agus idir 650 agus 900 kg.

Is dócha gurbh é capall síreach darbh ainm Sampson (“Mammoth” níos déanaí), a rugadh sa bhliain 1846, an capall is mó sa stair. Bhí sé 21.2 lámha (218 cm) in airde ag a dhronnóg, agus measadh go raibh a bhuaicmheáchan thart ar 1524 kg.