Capaillín Chonamara
| Equus ferus caballus | |
|---|---|
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Mammalia |
| Ord | Perissodactyla |
| Fine | Equidae |
| Géineas | Equus |
| Speiceas | Equus ferus |
| Fospeiceas | Equus ferus caballus (Linnaeus, 1758) |
| Ainmníocht | |
| Ainm comhchiallach an tacsóin | |
| An chéad ainm Laidine a bhí air | Equus caballus |
Is cineál capaill é Capaillín Chonamara (Pónaí Chonamara nó Capall Chonamara a thugtar orthu uaireanta) de bhunadh na hÉireann. Is i gceantar Chonamara a tháinig an cineál stuama seo capaill chun cinn.[1]

Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá cáil ar leith orthu a bheith sách beag agus lán fuinnimh. Tá eolas ar thréithe agus ar ábaltacht chapaillíní Chonamara ar fud an domhain anois.

Capaillíní de mhianach Chonamara – agus Chaladh Mhaínse – ba mhó a bhí ar na foirne idirnáisiúnta a bhuaigh craobhacha léimní na hEorpa sna 2020idí.[2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na capaillíní ann leis na céadta bliain. Ach i dtús an 20ú haois, bhí capaillíní go leor de phór measctha ann.
Aithnítear Micheál Ó Máille go forleathan mar cheannródaí, ag obair chun an pór a chaomhnú. Scríobh sé litreacha chuig na nuachtáin agus é sna 1910idí ag iarraidh aird a tharraingt ar an gcontúirt, dar leis, a bhí ann go n-imeodh mianach chapaillíní Chonamara i léig uilig mura gcuirfí ord agus eagar orthu. Thug sé féin, agus Pádraig Breathnach as Ros Muc a chúnamh dó, péire capaillíní de mhianach Chonamara chuig an Seó idirnáisiúnta i Londain in 1912 agus thug léargas ansin ar mhianach agus ar ábaltacht na gcapaillíní.[2]
Bunaíodh Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara (CLCC) i 1923 i Ros Muc. Bhí an Máilleach ag iarraidh an Cumann a bhunú chomh fada siar le 1911. Ach bhí corraíl sa tír agus sa domhan sna blianta sin. Choinnigh an Máilleach leis an iarracht nó go raibh am níos tráthúla ann i 1923.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Máirtín Ó Catháin (18 Lúnasa 2025). "Tá ardú croí ag baint le sodar na gcapaillíní" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-18.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Máirtín Ó Catháin (1 Meitheamh 2023). "Comóradh ar bhunú Chumann Chapaillíní Chonamara ag doras an bhunaitheora i Ros Muc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-02.