Jump to content

Candomblé

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCandomblé
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcreideamh
deasghnáth Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnIfá Cuir in eagar ar Wikidata

Is creideamh Afra-Bhrasaíleach é Candomblé, a tháinig chun cinn sa 19ú haois sa Bhrasaíl. Mhair an Candomblé d’ainneoin iarrachtaí na hEaglaise agus an Stáit Brasaíleach é a chur faoi chois.[1]

Orixá Oba, dia de na déithe (Ile Ase Orossi, 2008)

Tá an Candomblé fite fuaite leis an dúlra agus saol phobal bundúchasacha sa Bhrasaíl. Adhartar fórsaí an nádúir

Tá Iemanjá ar dhia de na déithe Afra-Bhrasaíleacha (orixás) is mó a bhfuil cion ag muintir na Brasaíle orthu; ceangal aici ní hamháin leis an bhfarraige agus na huiscí i gcoitinne ach leis an máithreachas: saghas ollmháthair í a thabharfadh barróg do dhuine ar bith a bheadh ina gátar, bíodh siad óg nó aosta.[2]

Is iad na babalorixás agus na ialorixás ‘sagairt’ agus ‘bansagairt’ an candomblé.

Gach bliain ar an 2 Feabhra, tugann lucht leanta an chreidimh Afra-Bhrasaíligh candomblé (na céadta míle duine !) i gcathair Salvador aghaidh ar thrá na n-iascairí i gceantar Rio Vermelho. Bíonn ofrálacha ag an slua do Iemanjá: rósanna, seoda agus buidéil bheaga le huisce cumhra labhandair.[2]

Is reiligiún sincréatach é Candomblé, a tháinig chun cinn sa 19ú haois sa Bhrasaíl. Ach tá cleachtadh na gcéadta bliain ag muintir an candomblé ag dul i ngleic le toirmisc na n-údarás. Go dtí an bhliain 1975, bhí cosc scun scan ar chreideamh shliocht na nAfracach a tugadh chun na Brasaíle ina sclábhaithe.[2]

Tá fuath á chothú do na reiligiúin Afra-Bhrasaíleacha ag Eaglais Uilíoch Ríocht Dé le fada an lá ina cuid seirbhísí eaglasta, agus praeitseálaithe de chuid na heaglaise ag maíomh go rialta go bhfuil baint idir na reiligiúin Afra-Bhrasaíleacha agus ‘an t-olc’. Is mór idir é seo agus dearcadh an Candomblé (dúirt Sivanilton Encarnação da Mata, ceannaire Candomblé. ‘Tá faitíos orainn toisc go bhfuil ionsaithe fisiciúla á ndéanamh ag baill de chuid na heaglaise seo orainn ar feadh na mblianta."[3] Tá géarleanúint ann fós; mar shampla, sa bhliain 2023, lámhachadh Maria Bernadete Pacífico (72), bansagart Candomblé agus gníomhaí pobail aitheanta, ina teach féin i mbaile beag Pitanga dos Palmares, 45 ciliméadar taobh ó thuaidh de chathair Salvador.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Alex Hijmans (2023-09-20). "An bhféadfadh déithe dearmadta an dúlra muid a thabhairt slán ó ollchliseadh aeráide?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-20.
  2. 2.0 2.1 2.2 Alex Hijmans (2 Feabhra 2022). "TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Mórfhéile Iemanjá ar ceal don dara bliain as a chéile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-20.
  3. Alex Hijmans (2015-04-01). "Buíon ‘Gliairí na hAltóra’ bunaithe ag an eaglais shoiscéalach is mó sa Bhrasaíl" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-20.
  4. Alex Hijmans (2023-08-23). "Gníomhaí pobail Afra-Bhrasaíleach aitheanta curtha den saol" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-20.