Jump to content

Caisleán an Linsigh

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán an Linsigh
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinGaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 16′ 24″ N, 9° 03′ 09″ O / 53.27324°N,9.05241°W / 53.27324; -9.05241

Is sampla sármhaith de thúrtheach clasaiceach meánaoiseach é Caisleán an Linsigh atá lonnaithe ar Shráid na Siopaí i gCathair na Gaillimhe. Tugann an caisleán seo spléachadh dúinn ar an ngalántacht ailtireachta ba dhual do Ghaillimh go déanach sa Mheánaois. Tá sé suite ag gabhal Shráid na Siopaí agus Shráid an Gheata Bhig agus tá sé buailte ar chroílár féin an tseanbhaile mheánaoisigh. Is é an sampla is deise den teach cathrach uirbeach atá fós ina sheasamh é agus is é an foirgneamh is sine in Éirinn a mbaintear úsáid as ar bhonn tráchtála go laethúil. Ar an drochuair is fíorbheagán atá ar eolas againn faoi stair an chaisleáin agus níor taifeadadh riamh cé a thóg é nó cé dó ar tógadh é. Is cinnte gur theach baile ag duine rachmasach de chuid mhuintir Uí Linsigh agus deirtear gurbh é áit chónaithe Thomas Lynch fitz Ambrose é, méara na Gaillimhe sa bhliain 1654. Rinneadh go leor mionathruithe agus athchóirithe ar an bhfoirgneamh in imeacht na 500 bliain gur ann dó. Is éard atá sa chuid is sine ar fad de, atá ag gabhal an bhóthair, ná cineál túrthí sármhaith de chaisleán a théann siar go dtí an bhliain 1500. Ag an am úd bhíodh sciathán ar an taobh iarthair a bhí níos lú ann. Ardaíodh é ina dhiaidh sin, is féidir gur sa seachtú céad déag a tharla sé seo, go raibh sé chomh hard céanna leis an túr a bhí lena thaobh agus cuireadh fuinneoga nua isteach ann.