Caisleán an Linsigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán an Linsigh
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinGaillimh, Éire
Map
 53°16′24″N 9°03′09″W / 53.27324°N 9.05241°W / 53.27324; -9.05241

Is sampla sármhaith de thúrtheach clasaiceach mneánaoiseach é Caisleán an Linsigh atá lonnaithe ar Shráid na Siopaí i gCathair na Gaillimhe. Tugann an caisleán seo spléachadh dúinn ar an ngalántacht ailtireachta ba dhual do Ghaillimh go déanach sa Mheánaois agus tá sé suite ag gabhal Shráid na Siopaí agus Shráid an Gheata Bhig agus tá sé buailte ar chroílár féin an tseanbhaile mheánaoisigh. Is é an sampla is deise den teach cathrach uirbeach atá fós ina sheasamh é agus is é an foirgneamh is sine in Éirinn a mbaintear úsáid as ar bhonn tráchtála go laethúil. Ar an drochuair is fíorbheagán atá ar eolas againn faoi stair an chaisleáin agus níor taifeadadh riamh cé a thóg é nó ce dó ar tógadh é. Is cinnte go raibh sé mar theach baile ag duine rachmasach de chuid mhuintir Uí Linsigh agus deirtear gurbh é áit chónaithe Thomas Lynch fitz Ambrose é, méara na Gaillimhe sa bhliain 1654. Rinneadh go leor mionathruithe agus athchóirithe ar an bhfoirgneamh le himeacht na 500 bliain gur ann dó. Is éard atá sa chuid is sine ar fad de, atá ag gabhal an bhóthair, ná cineál túrthí sármhaith de chaisleán agus tá sé ag dul siar go dtí an mbliain 1500. Ag an am úd bhíodh sciathán ar an taobh iarthair a bhí níos lú ann, agus a ardaíodh ina dhiaidh sin, sa seachtú céad déag is féidir, chomh hard leis an túr a bhí lena thaobh agus cuireadh fuinneoga nua isteach ann.