Caisleán Lé
Caisleán Lé | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Móta agus bábhún agus caisleán fáinneach ![]() | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Laoise, Éire ![]() | |||
| ||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | leacastle.ie | |||
Fothrach de caisleán meánaoiseach in aice le Cúil an tSúdaire, Co. Laoise is ea Caisleán Lé. Tógadh caisleán adhmaid ag deireadh an 12ú haois nó tús an 13ú haois agus cuireadh caisleán cloiche níos déanaí ina áit.[1] Is ón 13ú haois is mó atá iarsmaí an chaisleáin agus tá daingean ceithre stór agus teach geata ann.[2]
Ba le muintir Mhic Gearailt an caisleán, a raibh an teideal Iarla Chill Dara acu ó 1316 i leith. Sna 1290idí chuaigh na FitzGerald i ngleic go dian leis an Risteard de Burgh, 2ú Iarla Uladh, agus i 1294–5 bhí sé ina phríosúnach i gCaisleán Lé ar feadh roinnt míonna, go dtí gur éirigh leis an bParlaimint é a scaoileadh saor.[3]
Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Caisleán Lé suite ar bhruach theas An Bhearú, bhí lonnaíocht ann in gearr don caisleáin ach tréigeadh san Mhean Aois Déanach é.[4]
Foirgneamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí dhá imfhálú i gCaisleán Lé: tá an donjon (daingean) sa imfhálú istigh agus bhí imbhalla ann atá fós ann go páirteach, agus síneann an bharda seachtrach soir agus tá teach geata dhá thúr ann.[4]
Tá croílár an donjon dronuilleogach agus ceithre stór ar airde; tá túr ciorclach ag gach cúinne, agus cúig stór ar airde ag gach ceann acu. Is é túr an chúinne thuaidh an t-aon cheann atá fágtha ag beagnach a airde iomlán. Ní shíneann ach na ballaí thiar thuaidh agus thoir thuaidh go dtí leibhéal an tríú hurláir mar gur rinne damáiste don chuid eile sa 17ú haois.[2]
Is dócha go raibh foirgneamh tosaigh ag an túr atá marcáilte anois ag méid beag cloiche atá fágtha.[2] De ghnáth, léirmhíníodh oscailt ar leibhéal an chéad urláir mar an príomhbhealach isteach, ach b'fhéidir gurbh é an bealach isteach seirbhíse a bhí ann seachas bealach rochtana níos mórthaibhsí do thiarna agus do bhean an chaisleáin. Tá oscailt mhór sa bhalla thoir thuaidh ar leibhéal an dara hurláir. Tugann an seandálaí Karen Dempsey le fios go mbeadh rochtain fhoirmiúil tugtha aige seo ar an donjon a d’úsáid an tiarna agus an bhean uasal go searmanais b’fhéidir. Cé gur gnách go mbeidh slí isteach sna túir sin ar an gcéad urlár, tá gnéithe ailtireachta sainaitheanta ag Dempsey a d'fhéadfadh a bheith ina dtacaíocht do struchtúr a thug rochtain ar an túr, amhail droichead adhmaid.[2]
Bhí séipéal sa túr thuaidh ar an dara hurlár.[2]

Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ O'Conor 1999.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Dempsey 2016.
- ↑ Otway-Ruthven 1993.
- ↑ 4.0 4.1 Leask 1936.
- Dempsey, Karen (2016), "Lea Castle, Co. Laois: the story so far", The Castle Studies Group Journal, 30: 237–252
- O'Conor, Kieran (1999), "Anglo-Norman castles in Co. Laois", Laois, History and Society, Geography Publications, pp. 183–212
- Otway-Ruthven, Annette J. (1993), A History of Medieval Ireland (reprint ed.), New York: Barnes and Noble