Caisleán De Moirtiméir
Caisleán De Moirtiméir | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Caisleán | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae na hIarmhí, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 610 | |||
Is caisleán agus Séadchomhartha Náisiúnta é Caisleán De Moirtiméir i gContae na hIarmhí, Éire.
Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Caisleán de Moirtiméir suite ar bhruach thoir Loch Dairbhreach, 4.4 km (2.7 mhíle) siar ó dheas ó Bhaile na gCros.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Creidtear go bhfuair an caisleán a ainm ó Roger Mortimer, 4ú hIarla March (1374–98), a bhí ina Ard-Leifteanant na hÉireann Anraí IV ar feadh na trí bliana deiridh a shaoil, sula bhfuair sé bás i luíochán i gCeanannas, Cotae na Mí (nó b’fhéidir Ceanannas, Contae Chill Chainnigh nó Cill Osna, Contae Cheatharlach). [1]
Ceanglaíonn cuntais eile é le Edmund de Mortimer, 5ú Iarla March agus 7ú Iarla Uladh (1391–1425), a rugadh sa bhForaois Nua in aice le Bealach an Tirialaigh.
Dúirt finscéal áitiúil go raibh cuid mhór óir curtha i siléir ar an suíomh, cosanta ag cat dubh.[2]
Foirgneamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheas caisleán mór Angla-Normannach ar an suíomh, 52 m x 125 m (57 slat x 137 slat) i toisí. Tá iarsmaí de thúr cloiche dhá stór sa chúinne thiar thuaidh.