Caisleán Bhaile an Chinligh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Bhaile an Chinligh
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán agus teach halla
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinDeilgne, Éire
Map
 53°08′28″N 6°05′21″W / 53.141177°N 6.089058°W / 53.141177; -6.089058
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir323

Is cosúil go dtagann ainm Chaisleán Bhaile an Chinligh, gar do Dheilgne agus na Clocha Liatha i gContae Chill Mhantáin, ó Albert de Kenley, Sirriam Chill Dara, a fuair seilbh ar na tailte ag tús an 14ú haois. Ceaptar gur thóg Albert de Kenley an caisleán timpeall an ama seo. Is éard atá sa chaisleán ná na hiarsmaí de theach halla, ina mbíodh boghta bairille os cionn an bhunurláir. Ar an gcéad urlár bhí an halla agus an limistéar cónaithe. Ar an taobh thiar tá túirín, a cruthaíodh le haghaidh an losáin nó na seomraí leithris ag leibhéil an chéad urláir agus an uchtbhalla. Léiríonn pictiúir ón 19ú haois go raibh túr ard caol ann le haghaidh an staighre ar an taobh thoir den halla, ach thit sé seo ina dhiaidh sin. Sa bhliain 1377 ghabh muintir Uí Bhroin an caisleán. Thar fán am seo ghlac muintir Archbold seilbh ar an gcaisleán.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]