Jump to content

Caisleán Bhaile Muáin

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Bhaile Muáin
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinMuine Bheag, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 42′ 01″ N, 6° 54′ 24″ O / 52.700236°N,6.906662°W / 52.700236; -6.906662
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir486

Is Séadchomhartha Náisiúnta é Caisleán Bhaile Muáin atá suite 3 km (2 mhíle) soir ó Mhuine Bheag, Contae Cheatharlach, Éire. Ceaptar go thóga an caisleán san 13ú haois.

Suíomh agus rochtain

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Caisleán Bhaile Muáin timpeall 3 km (2 mhíle) soir ó Mhuine Bheag i bpáirc in aice le bóthar Fionnmhach. Tá rochtain ag an bpobal ar an gcaisleán, le rochtain trí dhroichead beag adhmaid thar chlaí. Is féidir le cuairteoirí rochtain a fháil ar bhallaí an chaisleáin ag leibhéal na talún. Is Séadchomhartha Náisiúnta é Caisleán Bhaile Muáin.

Tá an caisleán ina fhothrach agus é comhdhéanta de chlós cearnach thart ar 24 m (80 tr) ar gach taobh, le ballaí eibhir 6.1 m (20 tr) in airde, atá thart ar 2.4 m (8 tr) i leithead ag an mbonn. Tá taobh istigh an chaisleáin oscailte le clós inmheánach timpeallaithe ag na foirgnimh, agus léiríonn na bunsraitheanna an áit a raibh na doirse agus na teallaigh suite. Bhí an teallach mór dúbailte ar an taobh thuaidh mar chuid den halla mór. Is beag rian den struchtúr istigh seachas na bunsraitheanna, cé gur féidir rianta de roinnt struchtúr dhá stór le feiceáil tógtha in aghaidh na mballaí istigh; tá tuairimíocht ann dá bharr nár críochnaíodh an caisleán riamh. Tá geata áirse ag an mballa ar an taobh thiar. Is féidir crosóga geata crochta a feiceáil ar an ngeata, agus b’fhéidir go raibh barbacán chun tosaigh. Tá roinnt polla lámhaigh le feiceáil i mballaí an chaisleáin.[1][2]

Ceaptar gur tógadh Caisleán Bhaile Muáin sa 13ú haois nó go luath sa 14ú haois. Tá cuid mhór den stair caillte, ach ceaptar gurbh é Roger Bigod, 5ú hIarla Norfolk, a thóg é in aimsir an-chorraithe, nó ag muintir Carew, a fuair an talamh nuair a fuair Bigod bás gan oidhre.[3] I ndeireadh na 1800í, cheannaigh Michael Sheill ó Loch Garman an caisleán, a bhunaigh roinnt gnólachtaí áitiúla.[4][5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Ballymoon Castle”. Historic Ireland. Dáta rochtana: 8 March 2020.
  2. Ballymoon Castle – This didn’t end well”. Irish history podcast (5 August 2014). Dáta rochtana: 8 March 2020.
  3. Ballymoon Castle – This didn’t end well”. Irish history podcast (5 August 2014). Dáta rochtana: 8 March 2020.
  4. Ballymoon Castle, County Carlow”. IrelandsEye.com. Dáta rochtana: 8 October 2008.
  5. Ballymoon Castle”. Carlow Tourism. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 April 2012. Dáta rochtana: 4 February 2012.