Jump to content

Caisleán Anraí Aimhréidh

Caisleán Anraí Aimhréidh
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálCaisleán Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Thír Eoghain, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhHarry Avery's Castle, Oldcastle Road, Newtownstewart BT78 4BS
Map
 54° 42′ 49″ N, 7° 23′ 36″ O / 54.7135°N,7.39334°W / 54.7135; -7.39334

Tá Caisleán Anraí Aimhréidh (Béarla: Harry Avery's Castle) suite circa 800 méadar (leathmhíle) siar ó dheas ó Bhaile Úr an Stíobhardaigh (Béarla: Newtownstewart), i gContae Thír Eoghain, Éire. Is sampla neamhchoitianta é de chaisleán cloiche a thóg taoiseach Ghaelach in Ultaibh, cé go bhfuil a bhunús agus a stair neamhchinnte.

Tá baint aige le hAnraí Aimhréidh Ó Néill (d'éag 1392) agus ainmníodh ina dhiaidh é.[1] Luadh bás Anraí Aimhréidh in Annála na gCeithre Máistrí (M1392.1):

Enrí Aimhreidh mac Neill Móir Uí Néill rioghdamhna Cenél n-Eoghain, & degh-adhbhar aird-righ Erenn do chert, d'uaisle, & d'einech d'écc, fo fhel Brénoinn iar m-buaidh n-ongtha, & n-aithrighe.[2]

Tá sé suite i mbaile fearainn Pháirc na bhFianna Uachtaracha nó Úra, i gceantar Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, ag eangach thagartha H3915 8527. Is Séadchomhartha Cúraim Stáit (Béarla: State Care Monument) iad iarsmaí an chaisleáin, faoi Ghníomhaireacht Comhshaoil Thuaisceart Éireann.[3]

  1. ↑ "Harry Avery's Castle". Northern Ireland Sites and Monuments Record. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24 Aibreán 2015. Dáta rochtana: 23 Deireadh Fómhair 2021.
  2. ↑ "Annála na gCeithre Máistrí". Dáta rochtana: 2022-06-11.
  3. ↑ Tá ort na shonrú' 'archiveurl = agus' 'archivedate = nuair a úsáideann {{lua idirlín}}. doeni.gov.uk (2009). "State Care Historic Monuments to 31 March 2009". Dáta rochtana: 2021.


Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]