Jump to content

Caisearbhán coiteann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCaisearbhán coiteann
Taraxacum officinale Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo dedandelion leaf (en) Aistrigh, Dandelion Root with Herb (en) Aistrigh agus Taraxacum officinale flowering top (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Dath na mbláthannabuí Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál an toraidhaicéin Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsterales
FineAsteraceae
TreibhCichorieae
GéineasTaraxacum
SpeiceasTaraxacum officinale Cuir in eagar ar Wikidata
(F.H.Wigg., 1780)
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Leontodon taraxacum
Taraxacum retroflexum Cuir in eagar ar Wikidata

Is planda é an caisearbhán coiteann.[1]

Lagan towpath, bóthar Edenderry, Béal Feirste
Páirc i gContae Cheatharlach

Is féidir an planda a ithe, ar an gcéad dul síos, agus tugann ainm an bhláth leid dúinn i ndáil leis an méid sin.[2] Eascraíonn an t-ainm as na focail “cas”, mar gheall ar chruth na nduilleog casta catach agus  “searbhán”,  a thuigtear a bheith mar gheall ar an mblas searbh atá air, cé go bhfuil míniú eile air sin, gur focal sa Mheán-Ghaeilge é a chiallaíonn “coirce”.

Itear na duilleoga, a bhfuil blas nach bhfuil ró-éagsúil le ruachán orthu, agus na peitil, ar féidir iad a scaipeadh ar bharr sailéid nó a chlúdach le fuidreamh agus iad a chócaráil in ola chun friochtóga a dhéanamh. Is féidir ‘caife’ na gcaisearbhán a dhéanamh le fréamhacha an phlanda fiú, ach iad a rósadh agus a chur síos in uisce te.[3]

Ó thaobh cúrsaí leighis de, tá cáil ar shú an chaisearbháin, a dtugtar “bainne cíche na n-éan” air, mar leigheas ar fhaithní ar an gcraiceann, agus bhuail mé le go leor daoine le blianta anuas a gheallann gur thriail siad é seo agus gur oibrigh an cleas go maith dóibh.

Fualbhrostach atá sa chaisearbhán chomh maith, rud a chuidíonn le daoine barraíocht uisce agus salainn a dhíbirt ón gcolainn trí na duáin a spreagadh. Is ón bhfeidhm áirithe seo a thagann leasainm na mbláthanna sa Bhéarla, “pissybeds”, i mBéarla Albanach Chúige Uladh, “pish the bed”,   agus i bhFraincis, “pissenlit”, agus an phiseog a ghabhann leo go ndéanfaidh duine fual sa leaba má phiocann siad na bláthanna.[3]

Béaloideas agus cluichí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gasúir tar éis a bheith ag spraoi leis an gcaisearbhán ó thús ama. Baineann na cluichí go léir leis an gceann síl, an “clog”, nó an “jinny-joe” mar a deir lucht labhartha Bhéarla Bhaile Átha Cliath, a bhaint ón ngas. An cluiche is coitianta a dhéantar ná an t-am a dhéanamh amach trí na síolta a shéideadh den chlog.

In Inis Córthaidh, b’ionann líon na séideog a thógfadh sé ar dhuine na síolta go léir a bhaint agus an t-am den lá, ach in Inis Meáin bíonn trí shéideog ag duine agus ansin is ionann an líon síolta atá fágtha agus an uair.

I gceantair eile, úsáidtear an bláth chun ceisteanna móra an tsaoil a fhreagairt. Is féidir na séideoga a chomhaireamh, mar shampla, chun tuar a fháil ar cé mhéad bliain a bheidh roimh dhuine sula bpósfaidh siad, nó in áiteanna eile déantar trí shéideog agus na síolta a chomhaireamh ina dhiaidh, chun eolas a fháil ar cé mhéad leanbh a bheidh ag duine.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. “Taraxacum officinale” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Aedín Ní Thiarnaigh (2025-03-28). "Caisearbhán" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-03-30.
  3. 3.0 3.1 3.2 Aedín Ní Thiarnaigh (2025-03-28). "Caisearbhán" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-03-30.