Cairdeas idirspeiceasach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dlúthchairde (2772098889)

Is éard is cairdeas idirspeiceasach ann ná gaol neamhghnéasach idir ainmhithe de speicis difriúla.[1] Tá go leor fianaise ann, i bhfoirm grianghrafanna agus físeáin, ar chásanna den chairdeas idirspeiceasach i measc ainmhithe fiáine agus ceansaithe.[1] Mar gheall ar cheansú ainmhithe, tarlaíonn cairdeas idirspeiceasach idir speicis nach mbeadh le chéile go nádúrtha riamh. Uaireanta, tarlaíonn sé i gcásanna ina ndéanann speiceas amháin seilg ar an speiceas eile sa nádúr.[2]

Tá coincheap an chairdis idirspeiceasaigh cosúil le coincheap na comharaíochta sa mhéid is go bhfuil beirt ainmhithe ó speicis difriúla i gcaidreamh ina mbaineann gach orgánach leas as gníomhaíocht an orgánaigh eile. I measc na gcúiseanna atá le cairdeas idirspeiceasach tá ceansú, cumarsáid idirspeiceasach, malartuithe comhshochair, dúil i nascadh sóisialta, cosaint ar chreachadóirí, ach is minic nach bhfuil aon chúis shoiléir ann.[2][3][4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Innis Dagg (2011). "Animal friendships". Cambridge University Press. ISBN 9781107005426. OCLC 768168148. 
  2. 2.0 2.1 Lott (2003). "American bison : a natural history". University of California Press. ISBN 978-0520240629. OCLC 488884487. 
  3. Sanders (August 2003). "Actions Speak Louder than Words: Close Relationships between Humans and Nonhuman Animals". Symbolic Interaction 26 (3): 405–426. doi:10.1525/si.2003.26.3.405. ISSN 0195-6086. 
  4. Bekoff (2010). "The Emotional Lives of Animals : a Leading Scientist Explores Animal Joy, Sorrow, and Empathy? and Why They Matter". New World Library. ISBN 9781577313489. OCLC 933466964.