Caipín an tSonais
Cineál | saothar scríofa |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Nuala Reilly |
Teanga | an Ghaeilge |
Foilseachán | 2020 |
Caipín an tSonais is teideal don tríú cnuasach filíochta le Nuala Reilly, arb as Ard Mhacha ó dhúchas di ach atá ag cur fúithi i nDoire Cholm Coille leis na blianta fada.
Léirmheasanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
- "Tá aibíocht ag roinnt le filíocht an chnuasaigh seo – agus tá guth údarásach le cloisteáil a labhraíonn go cineálta ach a chroitheann an léitheoir lena chineáltas agus a stuaim." C. Mac Murchaidh, Oireachtas na Gaeilge 2018.
- "Thaithin an cnúasach seo liom. Tá na dánta traidisiúnta, ionraic, gan aon bhréag-ghalántacht, agus ligeann an file don dán teacht i láthair ar a bhealach féin seachas an dán na an léitheoir a bhrú. Braitear aibíocht sa dearcadh agus cion ar a bhfuil faoi chaibidil.". Caitlín Nic Íomhair, Oireachtas na Gaeilge 2018.
An nath cainte 'Caipín an tSonais'[cuir in eagar | athraigh foinse]
'An té a mbíonn a' caipín seo air nuair a thigeann sé ar a' tsaol ní féidir a bháthadh.' (Tagairt:http://focailfholaithe.fng.ie/content/caip%C3%ADn-tsonais )
Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Magnus Ballyrath (Coiscéim, 2008)
- Luibheanna Íce (Coiscéim, 2013)
Eolas eile[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Foilsitheoir:Coiscéim
- Leathainigh: 26
- Praghas:€7.50
- ISBN: 6660012200092