Cadhan Aonair
Sonraí | |
---|---|
Cineál | foilsitheoir comhlacht bogearraí |
Foirm dlí | cuideachta faoi dhliteanas teoranta |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 20 Lúnasa 2008 |
Bunaitheoir(í) | Caoimhín Ó Scanaill |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | https://cadhan.com/ |
Bunaíodh Cadhan Aonair, LLC sa bhliain 2008 mar chomhlacht phríobháideach a sholáthraíonn seirbhísí teicneolaíochta do phobal na Gaeilge ar fud an domhain. An bunchuspóir atá againn ná saol ríomhaireachta go hiomlán trí mheán na Gaeilge a éascú trí bhogearraí, uirlisí profála, suímh Ghréasáin, APIanna, agus logánú.
Beathaisnéisín
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Caoimhín Ó Scanaill, a bhunaigh Cadhan Aonair. Is Meiriceánach é Caoimhín, a rugadh i mBostún, Massachusetts sa bhliain 1970, agus is de bhunadh Éireannach ar an dá thaobh é. Rinne sé staidéar ar an matamaitic in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT), áit ar bronnadh BS air sa bhliain 1991, agus fuair sé céim dhochtúireachta in Ollscoil California, Los Angeles (sa mhatamaitic chomh maith). Chaith sé dhá bhliain i bpost iardhochtúireachta in Ollscoil Rice in Houston, Texas, sular ghlac sé le post in Ollscoil Saint Louis, áit ar mhúin sé matamaitic agus ríomheolaíocht ó 1998 go 2023. Ba é an litreoir GaelSpell an chéad acmhainn ríomhaireachta don teanga a chruthaigh sé, agus eisíodh an chéad leagan sa bhliain 2000.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin ghnó é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |