Cadfan ap Iago
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 580 (Féilire Ghréagóra) |
| Bás | c. 625 (Féilire Ghréagóra) 44/45 bliana d'aois |
| | |
| Teanga dhúchais | an Bhreatnais |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | rí |
| Teangacha | An Bhreatnais |
| Teaghlach | |
| Páiste | Cadwallon ap Cadfan |
| Athair | Iago ap Beli |
Ba Rí Gwynedd é Cadfan ap Iago (c. 580 – c. 625) (lean a réimeas ó c. 616 go dtí c. 625). Is beag an méid atá ar eolas againn ar stair Ghwynedd ón tréimhse seo, agus níl mórán eolais againn faoi Chadfan agus a réimeas.
Faightear cibé eolas atá againn mar gheall ar an duine stairiúil ó a láithreas sna ginealaigh ríoga, as a bhronnadh do Naomh Beuno le haghaidh mainistreach ag Clynnog Fawr, agus as a leac uaighe inscríofa.
Ba mhac agus chomharba an Rí Iago ap Beli é Cadfan, agus tá sé liostaithe sna ginealaigh Harley agus i nginealaigh Choláiste Íosa, MS. 20.