Cabhair:Acmhainní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iar-lógó an tsuímh tearma.ie

Comhairle Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag seo moltaí chun Béarla a aistriú go Gaeilge le cabhair ó acmhainní Idirlín.

Foclóirí Idirlíne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá fhoclóir mhaithe ar fáil ar an Idirlíon le haghaidh Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge: Focal.ie agus englishirishdictionary.com. Ní féidir iad a íoslódáil ach tig leat úsáid a bhaint astu agus tú ar líne. Má tá leagan nua de Internet Explorer nó Firefox agat is féidir leat Focal.ie agus englishirishdictionary.com a oscailt ar dhá tháib dhifriúla. Coinnigh "Ctrl" brúite síos agus brúigh "Tab" chun nasc a dhéanamh idir na táib atá ar oscailt agat. Má tá tú ag obair ar cháipéis is féidir leat Focal.ie a oscailt ar do bhrabhsálaí, "Alt" a choinneáil síos agus "Tab" a bhrú chun nasc a dhéanamh idir an brabhsálaí agus an cháipéis.

FOCAL.IE[cuir in eagar | athraigh foinse]

Focal.ie. Tugtar eolas sa bhreis duit faoin méid seo:

  • Tuiseal ainmneach iolra agus uatha
  • Tuiseal ginideach iolra agus uatha
  • Díochlaontaí
  • Téarmaí gaolmhara
  • Comhthéacs an fhocail

Tá cuardach domhain agus liosta in ord aibítre ar fáil ar Focal.ie agus bíonn focal nua tráthúil ar an láithreán chuile lá.

IRISHDICTIONARY.IE[cuir in eagar | athraigh foinse]

Irish dictionary online Nuair nach féidir leat focal a aimsiú ar Focal.ie is fiú é lorg ar Irish dictionary online. Tugtar eolas duit faoina díochlaontaí ach ní bhíonn eolas cuimsitheach ar an tuiseal ginideach ann.

Conas focail Ghaeilge a lorg le Google:[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mura n-éirónn leat teacht ar théarmaí Gaeilge sna foclóirí is féidir cuardach Google a dhéanamh ar lorg téarmaí a scríobh daoine eile. Cuimhnigh, afach, go mb'fhéidir nach é ceart na Gaeilge a bheadh ann.

Mar shampla, tá tóir agat ar an bhfrása “tábhacht an Ghaeilge”. Seo toradh amháin a thugann Google duit: “daoine is fearr a thuigfidh tábhacht na Gaeilge agus an chultúir ...” Is léir uaidh sin nach raibh an ceart agat agus gur cóir “tábhacht an Ghaeilge” a athrú go “tábhacht na Gaeilge”.

Seiceálaí litrithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaelspell[cuir in eagar | athraigh foinse]

cruinneog.com/gaelspell_newEN.html Tig leat focail nua a chur isteach i d'fhoclóir saincheaptha i Microsoft Word chun nach gcuirtear líne dhearg faoi na focail Ghaeilge. Tá líosta mór focal le fáil saor in aisce ar Gaelspell.

Scrollaigh síos go dtí “Option 4” agus roghnaigh "Download".

  • Lean na treoracha agus íoslódaigh an liosta.
  • Nuair atá na treoracha uile leanta agat roghnaigh "Tools" agus ansin "Tools -> Options". Ansin roghnaigh "Spelling and Grammar".
  • Féach chuige go bhfuil tic sa bhosca “Always suggest spellings” agus nach bhfuil tic sa bhosca “Suggest spellings from main dictionary only”.

Ag Clóscríobh trí Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Oireann an méarchlár QWERTY don Bhéarla. Toisc go mbíonn Béarla ag nach mór chuile duine a labhraíonn Gaeilge bíonn taithí acu ar an méarchlár QWERTY agus baineann siad feidhm as don dá theanga.

Conas Síneadh Fada a Chlóscríobh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an fhadhb is mó a bhaineann leis an méarchlár úd gur deacair síneadh fada a chlóscríobh.

Windows[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí bhealach ann chun síneadh fada a dhéanamh:

  • "Ctrl" a choinneáil síos, an uaschamóg (" ') a bhrú agus an guta a bhrú.
  • "Alt Gr" a bhrú agus an nguta a bhrú ina dhiaidh sin.
  • "Ctrl" agus "Alt" a choinneáil síos agus an guta a bhrú.

Is féidir na roghanna sin a athrú ar Microsoft Word má roghnaítear “Insert -> symbol”, do rogha siombail a aimsiú agus “Shortcut keys” a bhrú.

Mac OS X[cuir in eagar | athraigh foinse]

Brúigh "Alt" agus an guta.