Cúisín broma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cúisín broma

Is éard is cúisín broma[1] ann ná bréagán inséidte a úsáidtear chun bob a bhualadh ar dhuine. De ghnáth, cuirtear ar nó faoi chathaoir é, agus nuair a shuíonn duine éigin air, déanann sé fuaim cosúil le broim.

D'úsáidtí cúisíní broma fiú sa ré ársa. Deirtear go mbaineadh an tImpire Rómhánach Elagabalus taitneamh as cleasanna a imirt ar chuairteoirí ag cóisirí dinnéir agus go gcuireadh sé cúisíní broma faoi chathaoireacha na ndaoine is mórchúisí.[2] Deirtear go gcuireadh Ziyadat Allah III, éimír Ifriqiya sa 10ú haois, lamhnáin ainmhithe séidte i bhfolach faoi chúisíní ina pháláis ionas go suífeadh aíonna orthu.[3]

Ba é JEM Rubber Co. in Toronto, Ontario, Ceanada a cheap an cúisín broma nua-aimseartha, a bhí déanta as rubar, sna 1930idí.[4] Chuaigh úinéir na cuideachta i dteagmháil le Samuel Sorenson Adams, fear gnó a chruthaigh go leor bréagán den sórt seo, ach cheap Adams go raibh sé “rógháirsiúil”. Thairg JEM an smaoineamh don Johnson Smith Company, agus d'éirigh an táirge go breá leo. Chuir Adams a leagan féin ar an margadh ina dhiaidh sin, ar thug sé “Razzberry Cushion” air.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “cúisín broma” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-05.
  2. Warwick Ball (4 January 2002). "Rome in the East: The Transformation of an Empire": 412–. Routledge. ISBN 978-1-134-82386-4. 
  3. Halm (1996). "The Empire of the Mahdi: The Rise of the Fatimids (Translated from the German by Michael Bonner)": 112. Leiden: E.J. Brill. ISBN 90-04-10056-3. Dáta rochtana: 4 September 2020. 
  4. 4.0 4.1 "Whoopee Cushion got first airing here". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 September 2016.