Cúinne an Ghiorria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is Cúinne an Ghiorria ann ná coincheap Éireannach ina bhfágtaí cúinne de ghort gan bhaint ar mhaithe leis an ngiorria. Labhair an scríbhneoir iomráiteach Máirtín Ó Cadhain faoi 'Chúinne an Ghiorria'. Ba nós é a bhí ann fadó in Éirinn, aimsir Fómhair, cúinne a fhágáil gan bhaint ionas go mbeadh áit éalaithe ag an ngiorria. Deirtear gur nós é a bhí ag dúchasaigh Mháigheacha Mheiriceá Theas freisin. Dúirt Ó Cadhain gurb iad na Gaeltachtaí Cúinní Ghiorria na hÉireann a bhí fágtha go sealadach ag an spealadóir gan bhaint, ach a bhí fós go mór i mbaol.

Samplaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúinne an Ghiorria | The Hare's Corner a thug Colm Mac Con Iomaire ar albam dá chuid agus luaigh sé an scéal thuas ón gCadhnach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]