Cóineartú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
2012ː dul faoi lámh easpaig

Seirbhís eaglasta is ea cóineartú,'searmanas dul faoi lámh easpaig', ina ndéantar lánbhaill den eaglais de dhaoine.[1] In Éirinn, téann daltaí faoi lámh easpaig i Rang 6 de ghnáth.

Eaglais Chaitliceach[cuir in eagar | athraigh foinse]

San Eaglais Chaitliceach, tarlaíonn Ceiliúradh an Chóineartaithe i rith an Aifrinn.[2] Tarlaíonn deasghnátha an Chóineartaithe i ndiaidh an tSoiscéil. Iarann an sagart cúnta ar na múinteoirí a d'ullmhaigh na páistí iad a chur i láthair an Easpaig.

Nuair a ghlaoitear a ainm seasann an páiste. Is comhartha é an seasamh ar a réidhe atá an páiste freagra a thabhairt ar scairt Dé.

Ina dhiaidh sin, seasann na páistí arís do Athnuachan Ghealltanaisí an Bhaiste.

Níos déanaí, leagann an tEaspag a lámha ar na hiarrthóirí go léir mar chomhartha ar an Spiorad Naomh á chur anuas.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Foclóir Beag: cóineartú" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-12-05.
  2. 2.0 2.1 "Cóineartú / Confirmation" (en). Gaelscoil Uí Earcáin. Dáta rochtana: 2021-12-05.