Cás Madeleine McCann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCás Madeleine McCann
Map
 37°05′19″N 8°43′51″W / 37.0886°N 8.7308°W / 37.0886; -8.7308
Cineálunexplained disappearance of a human (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana3 Bealtaine 2007 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhPraia da Luz, An Phortaingéil (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Luz, An Phortaingéil (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Phortaingéil Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachMadeleine McCann (en) Aistrigh missing person (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básannaluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireluach anaithnid (kidnapper (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Armluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata


Tachrán as Sasana ab ea Madeleine McCann (12 Bealtaine 2003 - ?). Bhí sí ar saoire lena tuismitheoirí i bPraia de Luz na Portaingéile nuair a chuaigh sí ar iarraidh ar 3 Bealtaine 2007. Fuadaíodh agus dúnmharaíodh í, is dócha, ach ní bhfuarthas a corp riamh, agus ní bhfuarthas amach riamh céard a tharla go díreach, nó cé a bhí freagrach as. Tharraing an cás clampar, i Sasana go háirihe, sna blianta dár gcionn.

Teachtaireachtaí ómóis i Rothley ar 17 Bealtaine 2007

Scannail agus éagóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teachtaireachtaí ómóis i Rothley ar 17 Bealtaine 2007

Ar feadh tamall, caitheadh amhras ar na tuismitheoirí. I Márta 2008, b'éigean do The Daily Express agus The Daily Star leithscéal neamhchoinníollach a ghabháil le tuismitheoirí Madeleine ar a gcéad leathanaigh, mar aon le suim ollmhór airgid (breis is leathmhilliún punt) a dhíol le fundúireacht a bunaíodh ar son an tachráin.[1]

I gcás The Express, fritheadh go raibh breis is céad alt clúmhillteach curtha i gcló acu faoi Gerry agus Kate McCann, na tuismitheoirí. I measc na líomhaintí a cuireadh ina leith, dúradh gurb iad a mharaigh a n-iníon nó gur dhíol siad í le mangairí leanaí siocair go raibh siad gann ar airgead.

Bhí an cás seo neamhghnách ar bhealach mar gur poll dubh a bhí ann; sa mhéid is nach raibh aon chlabhsúr tagtha ar an scéal faoin am a cuireadh an dlí ar na nuachtáin. Ar ndóigh, fiú dá mba rud é go raibh bunús leis na líomhaintí áiféiseacha sin, ní bheadh dóigh ar bith ag na nuachtáin iad a chruthú.[1]

Léirigh suirbhé taighde margaidh a rinne na nuachtáin thuasluaite i measc a gcuid léitheoirí tamall roimhe sin go raibh cíocras damanta ag an phobal chun aon scéal a bhain le himeacht Madeleine McCann gan tásc ná tuairisc. Go deimhin, bhí sé mar pholasaí ag go leor nuachtán, sa Bhreatain agus in Éirinn, tuairisc a chur ar an chéad leathanach.[1]

2022[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creideann lucht an fhiosraithe gur mharaigh fear as an nGearmáin, Christian Brueckner, Madeleine. Cuireadh é i bpríosún sa Ghearmáin in Aibreán 2022 tar éis dó a bheith ciontaithe as bean 72 bliain d’aois as Meiriceá a éigniú sa bhliain 2005.[2]

Ar 11 Deireadh Fómhair 2022, cuireadh trí chúis éignithe agus dhá chúis maidir le drochúsáid ghnéasach leanaí ina leith. Bhí éigniú mná as Éirinn in 2004 ar cheann na de na cúiseanna.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Breandán Delap (2012). "Ar an taifead (Cois Life)". 1lib.domains. Dáta rochtana: 2022-04-22.[nasc briste go buan]
  2. Nuacht RTÉ (2022-04-22). "Gearmánach, 44 bliain, "faoi amhras" i gcás Madeleine McCann" (as ga). 
  3. Nuacht RTÉ (2022-10-11). "Amhrastach i gcás Madeline McCann cúisithe i gcionta gnéis" (as ga-IE).