Cánóg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cánóg dhubh

Is ainm coitianta ar roinnt éan mara meánmhéide san fhine Procellariidae a bhfuil sciatháin fhada orthu é cánóg. Den chuid is mó, freagraíonn an t-ainm seo don Bhéarla shearwater, cé nach ionann go hiomlán iad. Mar shampla, tugtar “cánóg bhán” ar an speiceas Fulmarus glacialis, nó “fulmar petrel” i mBéarla, agus tugtar “cánóg sciorrach” ar éin sa ghéineas Rynchops a dtugtar “skimmers” orthu i mBéarla. Is baill de na géinis Calonectris, Puffinus, agus Ardenna na cánóga eile, thart ar 30 speiceas san iomlán.

Samplaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Calonectris diomedea — cánóg Cory
  • Fulmarus glacialis — cánóg bhán
  • Puffinus assimilis — cánóg bheag
  • Puffinus baroli — cánóg Barolo
  • Puffinus gravis — cánóg mhór
  • Puffinus griseus — cánóg dhorcha
  • Puffinus mauritanicus — cánóg Bhailéarach
  • Puffinus puffinuscánóg dhubh
  • Puffinus yelkouan — cánóg Mheánmhuirí
  • Rynchops (géineas) — cánóg sciorrach

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]