Bunteoirim na huimhríochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

In uimhirtheoiric, is é ráiteas bunteoirime na huimhríochta ná go bhfuil fachtóiriú uathúil ag gach slánuimhir níos mó ná 1 mar iolrach d'uimhreacha príomha, seachas ord na bhfachtóirí. Mar shampla,

Cruthúnas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáideann an cruthúnas seo Leama Euclid: bíodh a,b ina slánuimhreacha, agus p ina huimhir phríomha. Má tá ab inroinnte ar p, tá a nó b inroinnte ar p.

Eiseadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidfear ionduchtú láidir. Is uimhir phríomha í 2. Ansin glac leis go bhfuil an tairiscint fíor do chuile slánuimhir idir 1 agus n. Más uimhir phríomha í n, níl tuilleadh le cruthú. Seachas sin, bíonn slánuimhreacha a,b, a bhfuil n=ab, agus 1 < a ≤ b < n. De réir ionduchtaithe láidir,  bíonn a agus b ina n-iolraigh d’uimhreacha príomha, agus mar sin bíonn n ina n-iolraigh d'uimhreacha príomha, na cinn atá ag a agus b.

Uathúlacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glac leis go bhfuil dhá fhachtóiriú diffriúla ag an slánuimhir k, agus gurb í k an slánuimhir dhearfach is lú leis an airí seo. Bíodh k = p1 ... pn = q1 ... qm, a bhfuil p1, ... , pn, q1, ... qm príomha. Roinneann p1 an slánuimhir q1 ... qm, agus de réir Leama Euclid, roinneann p1 ceann de q1, ... qm. Más roinneann p1 an uimhir phríomha q1, tá p1 = q1. Mar sin, tá p2 ... pn = q2 ... qm , uimhir a bhfuil níos lú ná k, a bhréagnaíonn an hipitéis ar k. Dá bhrí sin, tá fachtóiriú uathúil ar gach uimhir níos mó ná 1.

Ginearálaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é fearann fachtóirithe uathúil an t-ainm atá ar na faileanna a bhfuil fachtóiriú uathúil ar na mball den fhail.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]