Buffy Sainte-Marie
Amhránaí is scríbhneoir, oideachasóir agus gníomhaí sóisialta Bundúchasach Ceanadach is ea Buffy Sainte-Marie, a rugadh mar Beverly Sainte-Marie ar 20 Feabhra 1941. Tá an grá, cogadh, creideamh agus misteachas ar na téamaí ina cuid saothar. Is iad rac-cheol, ceol tíre, agus ceol leictreonach na seánraí a shaothraíonn sí.
Rugadh Sainte-Marie ar Thearmann na gCéad Náisiún Piapot Plains Cree i nGleann Qu'Appelle in Saskatchewan. Uchtaíodh í agus tógadh í in Massachusetts, sna Stáit Aontaithe. Agus í fásta suas thug sí cuairt ar an tearmann in Saskatchewan, glacadh ar ais mar bhall den phobal Cree í agus d'uchtaigh taoiseach den treibh í, searmanas traidisiúnta nach raibh bunús dleathach leis.
Casann Sainte-Marie a cuid amhrán ag féilte ceoil agus uaireanta ar an teilifís. Sa bhliain 1997 chuir sí an Cradleboard Teaching Project ar siúl chun curaclaim atá oiriúnach do pháistí bundúchasacha a fhorbairt.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |