Buamáil La Mon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ostán La Mon and Country Club Hotel, Gransha, An Dún, ar 15 Nollaig 2007

Ionsaí sceimhlitheoireachta i dTuaisceart Éireann ab ea Buamáil La Mon sa bhliain 1978. Phleasc buama loiscneach i mbialann agus ostán La Mon[1] i mBéal Feirste, ar an 17 Feabhra 1978. Maraíodh 12 agus gortaíodh 30 sa chaor thine a tháinig ina dhiaidh, dóite go holc an chuid is mó.

Pléasc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí dinnéar bliantúil an Irish Collie Club ar siúl i dTeach La Mon taobh amuigh de Bhéal Feirste[2] (i nGransha, Contae an Dúin). Nuair a bhí an oíche faoi lán seoil, tháinig meitheal, nó ball amháin den IRA agus fágadh buama a bhí ceangailte le cannaí peitril ar leac na fuinneoige.

Bhí dinnéar bliantúil an Irish Collie Club ar siúl i dTeach La Mon nuair a phléasc an buama

Tugadh foláireamh a bhí easnamhach; ní raibh go leor ama ag na daoine taobh istigh imeacht ón mheall tine a ruaig an teach itheacháin.

Dódh dáréag go básProtastúnaigh iad uilig, trí lánúin phósta agus seachtar ban ina measc – agus gortaíodh 23 duine eile go dona.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Hotels in Northern Ireland | Hotels in Belfast | La Mon Hotel". www.lamon.co.uk. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  2. "Fulaingt íospartaigh na dTrioblóidí" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-02-17.