Bróiméileach
Cuma
Bromeliaceae | |
---|---|
anann | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Poales |
Fine | Bromeliaceae Juss., 1789 |
Cineál tacsanomaíoch | Bromelia |
Ainmníocht | |
Stádas ainmníochta | nomen conservandum |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Ball de chlann an anainn. Eipifítí de ghnáth, méith le duilleoga spíonacha, an-choiteann i gceannbhrat na foraoise trópaicí thar aon áit eile. Suntasach as an taiscumar uisce a bhailíonn siad i lár cupánchruthach chnota na nduilleog. Is féidir go mbeidh sé seo an-mhór, suas le 20 lítear, a ionsúnn an planda trí ribí ar na duilleoga. Soláthraíonn sé gnáthóg d'fhoirmeacha eile beatha (feithidí, débheathaigh is plandaí uisciúla, cuid acu nach maireann in áit ar bith eile) go minic i réigiúin nach mbíonn mórán uisce mhairbh iontu.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Bróiméileach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 92.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |