Bratach na Liotuáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bratach na Liotuáíne

Bratach na Liotuáine déanta de thrí dhath chothroma, buí, glas agus dearg. Glacadh leis an mbratach ar 20 Márta, 1989 díreach roimh don tír neamhspleáchas a fháil ón Aontas Sóivéadach. Roimhe sin úsáideadh é ón mbliain 1918 go dtí an bhliain 1940; ina dhiaidh sin bhí an tír faoi smacht ag an Aontas Sóivéadach (1940-1941), ag an nGearmáin (1941-1945) agus arís ag an Aontas Sóivéadach. Ón mbliain 1945 go dtí an bhliain 1989 bhain an Liotuáine feidhm as bratach dhearg Shóivéadach a raibh ainm na poblachta uirthi. Ar an mbratach thrídhathach atá anois ann, seasann an buí do pháirceanna órga na Liotuáine, an glas don tuath ghlas agus an dearg don fhuil a doirteadh ar son na tíre.