Bróg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Bróga)
Bróg
Bróg

Cumadh an bhróg i dtús ama mar ghléas leis an chos a chosaint ar an timpeallacht, agus níos déanaí, mar ghléas maisithe ann féin. Tá níos mó cnámha sa chos ná ball ar bith eile den chorp.

Níor chaití bróga go forleathan i measc an lucht oibre in Éirinn, ná sa tsaol mór i gcoitinne, ach le blianta beaga anuas.[fíoras?] Tháinig caitheamh forleathan na mbróga le tús an ollthargtha, agus an cuarán flip-flop saor a chur ar fáil don chéad uair, mar shampla.[fíoras?]

Tá cuma agus dearadh athraithe go mór le himeacht ama, agus ó chultúr go cultúr. Mar shampla, thiocfadh le sáile iontach-arda a bheith acu nó sáile ar bith fiú. Is iomaí stíl, costas agus dearadh éagsúil atá ag coisbheart an lae inniu, ón chuarán is bunúsaí go dtí faisean ard-nósach do mhná a chosnaíonn, in amanna, na mílte Euro an péire, nó buataisí coimpléascacha deartha go speisialta fá choinne sléibhtoireachta agus sciála. Go traidisiúnta déantaí an bhróg as leathar, adhmad nó canbhás, ach sa lá atá inniu ann níos minice a dhéantar í as rubar, plaisteach, agus ábhair eile a bhaintear as petro-cheimicí.