Boogie Woogie Bugle Boy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóBoogie Woogie Bugle Boy
Cineálsaothar ceoil
Taibheoirna Deirfiúracha Andrews agus Bette Midler
Foilsithe1941
TeangaBéarla
LiriceoirDon Raye agus Hughie Prince
CumadóirDon Raye agus Hughie Prince
Léiritheoirluach ar iarraidh
Musicbrainz: 83a43429-a360-42a3-9a00-bb24c3bf452f Allmusic: mc0002385710 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhrán léimghormacha (Béarla: jump blues) ón Dara Cogadh Domhanda é “Boogie Woogie Bugle Boy” le Don Raye agus Hughie Prince. Ba iad na Deirfiúracha Andrews a chan an t-amhrán den chéad uair sa scannán grinn Buck Privates (1941) le Abbott agus Costello.[1] Shroich an ceirnín a thaifead na Deirfiúracha Andrews le Decca uimhir a sé ar chairteacha popcheoil SAM in earrach na bliana 1941. Is é an séú hamhrán ar liosta Amhráin an Chéid. Rinne Bette Midler taifeadadh ar an amhrán sa bhliain 1972, agus bhain sé an barr-10 amach sna cairteacha Billboard sna Stáit Aontaithe.

Ainmníodh “Boogie Woogie Bugle Boy” do Ghradam an Acadaimh don Amhrán is Fearr ach bronnadh an gradam ar “The Last Time I Saw Paris”.[2]

Tá an t-amhrán bunaithe go dlúth ar amhrán níos luaithe de chuid Raye agus Prince, “Beat Me Daddy, Eight to the Bar,” a bhaineann le sárphianódóir boogie-woogie.[3]

Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir na liricí, coinscríobhadh trumpadóir mór le rá as Chicago, Illinois isteach in Arm na Stát Aontaithe, ach ní raibh de chúram aige ach an dúiseacht a sheinm gach maidin. Tá sé faoi ghruaim toisc nach féidir leis boogie-woogie a sheinm, go dtí go ndéanann an captaen trua dó agus coinscríobhann sé ceoltóirí eile. Mar thoradh, tá an trumpadóir in ann an dúiseacht a sheinm ina stíl féin, rud a imríonn tionchar dearfach ar an gcuid eile den chomplacht.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Furmanek, Bob and Ron Palumbo. "Abbott and Costello in Hollywood." Perigee Books, 1990.
  2. The 14th Academy Awards | 1942”. Oscars.org.
  3. Palumbo, Ron. "Buck Privates: The Complete Filmscript." Bear Manor Media.