Jump to content

Blue Lives Matter

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBlue Lives Matter
Blue Lives Matter flag (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgluaiseacht shóisialta
agóid
haischlib
countermovement (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh20 Nollaig 2014
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinbluelivesmatter.blue Cuir in eagar ar Wikidata
The Villages Florida, 2020

Blue Lives Matter’ is ea mana na frithghluaiseachta conspóidí a tháinig chun cinn mar fhreagra ar an ngluaiseacht Black Lives Matter. Samhlaítear an dath ‘gorm’ i mBéarla Mheiriceá leis na seirbhísí póilíneachta sa tír sin agus is don tsamhail sin a thagraítear sa mana ‘Blue Lives Matter’.

Agóid i Marin City, Meitheamh 2020

Maraíodh Rafael Ramos agus Wenjian Liu as an NYPD i mBrooklyn ar 20 Nollaig 2014 agus bunaíodh an fhrithghluaiseacht i ndiaidh an eachtra seo. Tharla ionsaí eile i gcathair Baton Rouge i Louisiana ar 18 Iúil 2016 inar maraíodh 3 póilíní.[1] Fuath ba bhun leis an gcoir. Tugadh reachtaíocht isteach i Stát Louisiana chun na póilíní a chosaint.

"Gluaiseacht chiníoch atá i Blue Lives Matter" sa chaoi is go ndéanann sé “beag is fiú” den ghluaiseacht Black Lives Matter agus de dhaoine a bhfuil imní orthu faoin bhforéigean in aghaidh daoine gorma a chuirtear i leith phóilíní Mheiriceá go minic.[2]

Blue Lives in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2017, thosaigh lucht na Gaeilge ar líne ag baint suilt as an íoróin a bhaineann le haistriúchán Gaeilge a rinneadh ar an mana conspóideach ‘Blue Lives Matter’.[2] ‘Gorm Chónaí Ábhar’ an Ghaeilge a cuireadh air. Sa Ghaeilge tugtar duine gorm ar dhuine a bhfuil craiceann dubh air, rud a fhágann lorg na híoróine ar an drochaistriúchán atá le feiceáil ar léine an fhir.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuacht RTÉ (2016-07-18). "Achainí déanta go gcuirfí síocháin i bhfeidhm i Meiriceá" (as ga).
  2. 1 2 Maitiú Ó Coimín (2017). "‘Blue Lives Matter’ = ‘Gorm Chónaí Ábhar’ – Gaeilgeoirí ar líne ag baint spraoi as drochaistriúchán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-15.