Jump to content

Black Dog (scannán 2024)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinBlack Dog
Buneolas
StiúrthóirGuan Hu (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
Mionsonraí
Tír bhunaidhDaon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú18 Bealtaine 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama110 min Cuir in eagar ar Wikidata
Bunteangaan Mhandairínis Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt28131427 Rottentomatoes: m/black_dog_2024 Letterboxd: black-dog-2024 Metacritic: movie/black-dog Cuir in eagar ar Wikidata

Is scannán é Black Dog, a tháinig amach sa bhliain 2024, stiúrtha ag Hu Guan. Insítear scéal díbeartaigh agus an dlúthchaidreamh a neartaíonn idir fear agus a mhadra. Beirt iad a dtugann an pobal cúl droma dóibh agus iad ag tóraíocht ré nua ina saol, sa tslí ina raibh an tSín le linn na gCluichí Oilimpeacha in 2008. Is saothar é Black Dog a fheidhmíonn mar fháthscéal na Síne sa 21ú haois agus mar scéal pearsanta faoin dlúthchaidreamh mothúchánach atá ag aonarán le madra seachráin.[1]

Black Dog lonnaithe i mbaile iargúlta sa tSín atá ag meathlú ar imeall Ghaineamhlach Ghóibí sna seachtainí roimh na Cluichí Oilimpeacha i mBéising in 2008. Tosaíonn an scéal le radharc de scata madraí fiáine a ionsaíonn bus atá ag taisteal trí fhásach lom na Síne. Cuirtear an príomhcharachtar in aithne dúinn, Tang, duine a mbíodh clú agus cáil air sa cheantar tráth ach atá anois ag filleadh abhaile i ndiaidh seal a chaitheamh sa phríosún.

Fad is a bhí sé imithe bheartaigh an rialtas ar thionscadal athnuachana radacach don sráidbhaile ina mbíodh cónaí air, gníomh a dhíláithrigh pobal na háite. Thréig formhór na ndaoine na madraí a bhíodh acu mar pheataí tráth agus tá siad ag imeacht fiáin anois. De réir na n-údarás is bac iad na madraí sin ar an tionscadal mór agus cruthaítear tascfhórsa chun iad a ghabháil. Déantar Tang a earcú cé go bhfuil sé doicheallach.

Deintear luach saothair maith a thairiscint don té a ghabhfaidh an madra is fiáine agus is seachantaí. Sin é an ‘Madra Dubh’ ach nuair a fhaigheann Tang greim air tá drogall air é a thabhairt ar láimh dos na húdaráis.[1]

Tugadh ardmholadh don saothar seo sa chatagóir Un Certain Regard ag Féile Scannán Cannes sa bhliain 2024. Tá an moladh tuillte ag foireann aisteoireachta agus léiriúcháin an scannáin, go mór mór ag Eddie Peng, an príomhaisteoir a bhí i ról stóchúil Tang, agus an madra dubh a d’uchtaigh sé sa bhfíorshaol nuair a chríochnaigh léiriú an scannáin seo.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 Deirdre Donnelly (13 Deireadh Fómhair 2024). "Scéal é ‘Black Dog’ faoi fhear agus madra, ach ní féidir aon seánra ar leith a lua leis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-14.