Bjarke Ingels
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (da) Bjarke Bundgaard Ingels 2 Deireadh Fómhair 1974 51 bliana d'aois Cóbanhávan, An Danmhairg |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Royal Danish Academy of Fine Arts (en) |
| Áit chónaithe | VM Houses (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Ailtireacht agus dearadh |
| Gairm | ailtire, múinteoir ollscoile |
| Teangacha | Béarla |
| Saothar | |
Saothar suntasach | |
Gradam a fuarthas
| |

Ailtire Danmhargach is ea Bjarke Ingels a rugadh i gCóbanhávan ar 2 Deireadh Fómhair 1974. Stiúrthóir an stiúideo ailtireachta BIG (Bjarke Ingels Group) atá ann. Eisean a chuir ar siúl é sa bhliain 2006. Déanann sé iarracht teacht ar mheá chothrom idir an ailtireacht thraidisiúnta agus an ailtireacht avant garde, agus idir stíleanna atá spraoiúil agus praiticiúil.
A shaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh isteach i dteaghlach proifisiúnta é i gCóbanhávan sa bhliain 1974. Innealtóir ab ea a athair agus fiaclóir ab ea a mháthair. Rinne sé staidéar in Acadamh Ríoga Chóbanhávan agus in Escola Tècnica Superior d'Arquitectura in Barcelona. Bronnadh céim ailtireachta aige sa bhliain 1999. Chuir sé a chéad stiúideo ailtireachta ar bun agus é fós sa tríú bliain san ollscoil. Sna blianta 1998–2001 d'oibrigh sé do OMA in Rotterdam faoi Rem Koolhaas, duine a chuaigh go mór i bhfeidhm air.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |