Bille Uí Bhrolcháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Doiminic Ó Brolcháin

,

An líon daoine le chumas labhartha sa Ghaeilge i gCuaige Uladh.

D'fhoilsigh urlabhraí Gaeilge Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO), Doiminic Ó Brolcháin, Ball Thionóil Thuaisceart Éireann , Bille Chun An Ghaeilge Agus An Béarla A Bhunú Mar Theangacha Oifigiúla Thuaisceart Éireann, i dTionól Stormont, ar an 20 Samhain 2008.[1] D'admhaigh Ó Brolcháin go raibh gach seans ann nach nglacfadh an Tionól ó thuaidh leis an mbille, ach dúirt gur shíl sé go spreagfadh an beart díospóireacht agus go bhféadfaí an bille a chur os comhair Pharlaimint na Ríochta Aontaithe in Westminster, dá ndiúltófaí dó in Stormont.[2] [3] Is ceann de bhunphrionsabail Chomhaontú Aoine an Chéasta go mbeadh comhionannas do chearta cultúir agus cothroime gradaim ann idir an dá phobal. Mar sin, ní hionann Tuaisceart Éireann agus aon cheantar sa Bhreatain Mhór. Tá socruithe bunreachtúla eisceachtúla i bhfeidhm sa Tuaisceart, go háirithe iad sin a bhaineann le hinathraitheacht an rialtais cheannasaigh (an Rialtas Briotanach). [4] . "Tá cumhacht an Rialtais a bhfuil dlínse aige sa dúiche atá i gceist bunaithe ar ‘lánurraim agus comhionannas do chearta sibhialta, polaitiúla, sóisialta agus cultúir, saoirse ón leithcheal do gach uile shaoránach, cothroime gradaim agus déileáil go coir comhionann le féiniúlacht, aetas agus toilmhianta an dá phobal’ – sin a deir Comhaontú Aoine an Chéasta. Chiallódh sé sin, i mo thuairim, go mba d’Acht Teanga ó Westminster 'Gaeilge agus Béarla' a aithint mar theangacha oifigiúla do Thuaisceart Éireann, agus bunphrionsabail eile a leagan síos." [5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.rte.ie/podcasts/2008/pc/pod-v-201108-62m04s-nuachtahaon.mp3 Nuacht a hAon: Déardaoin 20 Samhain 2008 Póilín Ní Chiaráin - An Tuaisceart; Doiminic Ó Brolcháin - Bille Teanga á fhoilsiú aige inniu
  2. http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=4294&viewby=dateBille[nasc briste go buan] Uí Bhrolcháin' foilsithe.
  3. http://edition.pagesuite-professional.co.uk/Launch.aspx?referral=other&pnum=&refresh=Jd209S1et16D&EID=22db03bd-f2ec-4e50-b01c-ca8a1e28107a&skip=true Bille Uí Bhrolcháin foilsithe, Lá Nua
  4. http://www.taoiseach.gov.ie/attached_files/Pdf%20files/Comhaont%C3%BAArTh%C3%A1ngthasAirSnaCaibidl%C3%ADIlph%C3%A1irt%C3%AD.pdf Téacs an Chomhaontaithe, Saincheisteanna Bunreachtúla.
  5. Pádraig Breandán Ó Laighin, Acht Teanga an Tuaiscirt :Feidhmeannas nó Londain?, Foinse,7Meán Fómhair 2008