Biên Hòa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teampall in Cù lo Phố, ceantar de chuid Biên Hòa

Cathair i gcúige Dong Nai, in oirdheisceart Vítneam, is ea Biên Hòa. Is é an chathair is mó sa chúige. Mar gheall ar a chóngaracht do Chathair Ho Chi Minh is beag nach bhfuil Biên Hòa ina fho-bhaile di.

Ghabh na Francaigh Biên Hòa sa bhliain 1861 agus d'fhan an chathair ina seilbh go dtí neamhspleáchas Vítneam i 1955. Bhí Biên Hòa suite i Vítneam Theas go dtí 1975. Tháinig meath ar gheilleagar na cathrach i ndiaigh teacht isteach an rialtais chumannaigh sa bhliain chéanna ach go déanach sna 1980idí chuir siadsan beartas nua ar a dtug siad Doi Moi air. Bhí 273,879 duine in Biên Hòa sa bhliain 1989, 1,104,495 sa bhliain 2015.