Benalmádena
Benalmádena | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Comhphobal féinrialaitheach de chuid na Spáinne | An Andalúis | ||||
Cúige de chuid na Spáinne | Málaga | ||||
Príomhchathair | Benalmádena | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 75,801 (2023) | ||||
• Dlús | 2,786.8 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 27.2 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mheánmhuir | ||||
Airde | 280 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Benalmádena | Paloma García Gálvez | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 29630, 29631 agus 29639 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 95 | ||||
INE municipality code (en) | 29025 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | benalmadena.es |
Bardas is ea Benalmádena i gcúige Málaga, san Andalúis. Tá sé suite ar 'Costa del Sol', idir Torremolinos and Fuengirola, thart ar 12 cm siar ó dheas de phríomhchathair an chúige. Tá sé mar chuid den 'Área metropolitana de Málaga', (limistéar cathrach Mhalaga) agus suite i gContae nó Comarca (réigiún riaracháin logánta) Costa del Sol Occidental, comhlathas na mbardas leis an ainm céanna, agus i gceantar breithiúnach de Torremolinos. (El partido judicial de Torremolinos).
Tá thart ar 68,800 daoine ina gcónaí in Benalmádena, 's é sin an 8ú bardas is mó sa chúige ach an tríú mórcheantar uirbeach, taobh thiar de Málaga agus Torremolinos. Tá an daonra bailithe don chuid is mó i dtrí lárionaid éagsúla: Benalmádena Pueblo, Arroyo de la Miel agus Benalmádena Costa, cé go bhfuil an uirbiú ag cur na croí-láir seo le chéile.
Bhí daoine ina gcónaí san áit seo sa réamhstair, ach i rith tréimhse Al Andalus tháinig forbairt ar an áit agus ansin meath arís i ndiaidh na bliana 1485. Chuir tionscal páipéir agus fíona go mór le geilleagar na háite sna 18ú agus 19ú haoiseanna. Sa lá atá inniu ann tá tarraingt turasóireachta mhaith ag Benalmádena ar an gCosta del Sol, le go leor áiseanna agus páirc shiamsaíochta, 2 uisceadán, casino, agus ceann de na muiríní is mó san Andalúis. Tá go leor tránna áille ann chomh maith le háiteanna suimiúla mar Chaisleáin Colomares, Carr Cábla Benalmádena, agus an Stupa Budaíoch is mó san Eoraip ag 33 méadar ar airde.
Clúdaíonn an bardas achar 27 ciliméadar cearnógach ó bheanna Sierra de Mijas go dtí an fharraige, ag titim in áiteanna i bhfoirm aille. Téann an autopista A-7 soir siar trasna ar an gcríoch, a dhéanann cumarsáid leis an bpríomhchathair chúige agus lárionaid eile ar chósta na Meánmhara.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |