Beatha Phí
Life of Pi | |
---|---|
Cineál | saothar liteartha |
Cárta innéacs | |
Údar | Yann Martel |
Teanga | an Béarla |
Maisitheoir | Tomislav Torjanac (en) ![]() |
Foilseachán | Ceanada |
Sonraí an tsaothair | |
Seánra | fantaisíocht, ficsean eachtraíochta, philosophical fiction (en) ![]() ![]() |
Carachtair | |
Suíomh scéalaíochta | An India ![]() |
Dámhachtain a fuarthas | |
Dámhachtain a fuarthas | Duais Booker (2002) ![]() |
Sraith | |
← Self (en) ![]() Beatrice and Virgil (en) ![]() |
Seo úrscéal mórchlú Yann Martel ar fáil i nGaeilge anois Beatha Phí, a bhuí le Risteárd Mac Annraoi. Úrscéal fealsúnachta Ceanadach a foilsíodh ar dtús i mBéarla sa bhliain 2001 ab ea Life of Pi. Is é an príomhcharachtar Piscine Molitor "Pi" Patel, buachaill Tamalach Indiach as Pondicherry a dhéanann iniúchadh ar shaincheisteanna spioradáltachta agus meiteashiseolaíochta ó aois an-óg.
Rugadh Yann Martel i Salamanca sa Spáinn sa bhliain 1963 do Cheanadaigh Fhrancacha. Clasaiceach i litríocht an domhain is ea Beatha Phí. Bronnadh an duais Man Booker air i 2002 chomh maith le gradaim eile. Rinneadh scannán de a bhain ceithre Oscar, agus tá sé aistrithe i mbreis agus daichead teanga. Seo anois an t-úrscéal claiseacach i nGaeilge, aistrithe go díograsach ag Risteard Mac Annraoi.
Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide é Risteárd Mac Annraoi, agus go leor leabhar is aistí leis i gcló. Pléann cuid díobh le stair phobal na gCaecar in Éirinn, lena mbaineann sé féin.
Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- I gComhluadar na gCarad, (Coiscéim, 2002)
- Mil as Gach Bláth, (Coiscéim, Coiscéim 2013)
- Scéalta ón Rúis, (Foilseachain Ábhair Spioradálta, 2016)
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- http://www.cumannnasagart.ie/foilseachain-abhair-spiorad.html Foilseacháin Ábhair Spioradálta
- http://www.coisceim.ie/2020.html Coiscéim
- https://www.siopaleabhar.com/ An Siopa Leabhar
- http://www.coisceim.ie/beathaphi.html Beatha Phí - Coiscéim