Baiscphróiseáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is baiscphróiseáil[1] ann ná sraith shainmhínithe tascanna a thugtar isteach i ríomhaire mór le próiseáil, ach nach bpróiseáiltear go mbíonn an t-am chuige ag an ríomhaire. Tá sé seo i gcontrárthacht le ríomhaireacht idirghníomhach an lae inniu, mar a ndéanann an t-úsáideoir idirghabháil ailtéarnach leis an ríomhaire, mar a bheadh sé ag déanamh comhrá leis.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “baiscphróiseáil” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Baiscphróiseáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 60.