Jump to content

Baile Binnbérlach mac Buain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I Miotaseolaíocht na nGael, scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe is ea Baile Binnbhéarlach mac Buain (Sean-Ghaeilge Baile Binnbérlach mac Buain, freisin Scéal Bhaile Bhinnbhéarlaigh). Is amhlaidh gur scríobhadh é san aonú haois déag. Caomhnaítear éis dtrí lámhscríbhinn den 16ú haois.

Níor chás laoch an scéil Baile na Uladh agus a chianghrá Ailinn na Laighean ar a chéile riamh agus iad ina mbeatha. Nuair a d'inis do Bhaile go bréagach go raibh Ailinn marbh, chuaigh sé ó dheas ach fuair bás féin de bhrón. Chuala Ailinn faoi bhás Bhaile agus chuaigh sise ó thuaidh agus fuair sí bás freisin. Cuireadh faoi iad, scartha óna chéile sa bhás mar a bhí sa bheatha.

D'fhás crann as gach uaigh, crann iúir leis agus crann úill léi. Thóg barra na gcrann riocht aghaidhe na marbh ina luí fúthu. Seacht mbliana ina dhiaidh, leagadh na crainn agus rinneadh cláir den adhmad. Ar na cláir úd, bhí sé de nós ag filí an dá chúige a gcuid dánta a scríobh.

Gaireadh ag Teamhraigh tráth féile mhór filí na nUladh agus na Laighean agus tugadh na cláir don rí. Le chéile anois, ní dhearnadh iad a dheighilt choíche.

De ghnáth, ciallaíonn bailebuile fís nó mire; nó b'fhéidir fosta teach. Sa chás seo, áfach, is léir gur chéadainm atá i gceist.

Chóirigh William Butler Yeats (1865–1939) an scéal seo ina dhán Baile and Ailinn.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]