Béal Átha na Carraige
Béal Átha na Carraige | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Túrtheach | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Dún Mánmhaí, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 425 | |||
Túrtheach ón 16ú haois i gContae Corcaí é Béal Átha na Carraige atá suite i sráidbhaile Bhéal Átha na Carraige, timpeall 9 km (5.6 mhíle) ó bhaile Dhún Mánmhaí agus 7.5 km (4.7 mhíle) ó shráidbhaile Béal Átha Fhínín.[1] Is séadchomhartha náisiúnta é.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba iad muintir Ó Muirthile ó dhúchas a thóg Baile na Carraige sa séú haois déag. Tar éis éirí amach na bliana 1641, a thosaigh mar iarracht ag Caitliceach na hÉireann smacht a ghlacadh ar riaradh na hÉireann, a raibh faoi smacht Ríocht Shasana, agus chun lamháltais níos mó a fháil do Chaitlicigh, chaill muintir Ó Mhuirthile seilbh ar an struchtúr agus a dtailte. Ceaptar gur chuaigh an caisleán isteach i lámha na McCarthy a bhí i gceannas ar an limistéar sin, agus ansin chuaigh sé isteach i lámha na Hurley. Sa bhliain 1654, chaill na Hurley an caisleán, a chuaigh go dtí na Crofts.[2]
Ailtireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá gnéithe cosanta éagsúla ag an gcaisleán, mar shampla bartasán, atá túiríní barrchrochta a theilgeann ó bhallaí daingne na meánaoise agus is minic a bhíonn poll lámhaigh feistithe orthu. Ina theannta sin, tá fianaise ann go raibh Poll lámhaigh ag an gcaisleán tráth (oscailt trína gcaitear leachtanna fiuchta agus clocha ar naimhde) agus, go neamhghnách, le Geata crochta.[2] Ar an taobh thoir den chaisleán, timpeall leath bealaigh suas, tá Síle na gcíoch freisin, dealbh fhíorach de bhean nocht a thaispeánann pite áibhéalacha. Tá na deilbh seo le fáil ar fud na hEorpa, go háirithe in Éirinn, sa Bhreatain, sa Fhrainc agus sa Spáinn, ar ardeaglaisí, caisleáin agus foirgnimh eile. Ní aontaíonn scoláirí ar bhunús na bhfigiúirí seo. Teoiric coitianta ná gur úsáideadh na dealbha chun chosaint ó bás, olc agus deamhain. Tugann teoiricí eile le fios go léiríonn na figiúirí bandia torthúlachta nó máthair réamh-Chríostaí. Mar sin féin, tá a mbunús agus a gciall éiginnte.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Ballinacarriga”. Ireland Now - The Towers of Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 9 May 2008. Dáta rochtana: 2008-06-15.
- ↑ 2.0 2.1 "Heritage Castles of County Cork" (2017): 83-84. Cork: Cork County Council; Heritage Unit. ISBN 978-0-9935969-3-3. Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; name "Hallinan2017p100" defined multiple times with different content