Axl Rose
Ainm sa teanga dhúchais | (en) W. Axl Rose |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en) William Bruce Rose Jr. 6 Feabhra 1962 62 bliana d'aois Lafayette, Indiana |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ardscoil Jefferson |
Áit chónaithe | Malibu |
Gníomhaíocht | |
Gairm | guthcheoltóir, pianódóir, amhránaí is scríbhneoir, ceoltóir, gníomhaí |
Tréimhse oibre | 1982 – |
Ball de | |
Seánra | Rac-cheol, ceol trom-mhiotalach agus rac-cheol crua |
Teangacha | Béarla |
Cineál gutha | Baritenor (en) |
Uirlis | Pianó, ceol gutha, giotár agus tambóirín |
Lipéad ceoil | Geffen Records Uzi Suicide |
Teaghlach | |
Céile | Erin Everly |
Páirtí | Stephanie Seymour |
|
Is amhránaí agus ceoltóir Meiriceánach é W. Axl Rose (rugadh William Bruce Rose, Jr; ardaithe mar William Bruce Bailey; 6 Feabhra 1962). Is é an príomhamhránaí leis an banna rac-cheol crua Guns N' Roses. Mar gheall ar a raon gutha chumhachtach agus leathan agus léirithe beo bríomhar, d'ainmnigh asraonta meán (Rolling Stone agus NME san áireamh) Rose mar dhuine de na hamhránaithe is fearr da raibh riamh ann.
I Márta 1985, bhunaigh Axl Rose an banna Guns N' Roses leis a chara agus giotáraí Izzy Stradlin, an giotáraí Tracii Guns, an drumadóir Rob Gardner, agus an dordghiotáraí Ole Beich. Sna míonna ina dhiaidh sin, d'fhág Tracii Guns, Gardner, agus Beich, aguse tháinig an giotáraí Slash, an dordghiotáraí Duff McKagan, agus an drumadóir Steven Adler ina n-áit.
I 1987, d'fhoilsigh an banna a chéad albam, Appetite For Destruction, agus tá ós cionn 30 milliún cóip díolta ag an t-albam ar fud an domhain. I 1990, briseadh Steven Adler as a phost, agus tháinig Matt Sorum ina áit. Chomh maith le sin, tháinig an méarchláraí Dizzy Reed sa bhliain chéanna. I 1991, d'fhoilsigh an banna na halbaim Use Your Illusion I agus Use Your Illusion II. Shroich siad Uimh 2 agus Uimh 1, faoi seach, ar an Billboard 200 agus, le chéile, tá 35 milliún cóipeanna díolta acu ar fud an domhain.
Tar éis 1994, d'imigh Rose as na súile an phobail ar feadh roinnt blianta, agus scrios an banna mar gheall ar dhifríochtaí pearsanta agus ceoil. Mar an t-aon ball bunaidh fágtha, lean sé ar aghaidh ag obair faoin ainm Guns N' Roses, toisc go bhfuair sé smacht dleathach an t-ainm bhanna. Sa bhliain 2001, nocht sé ag Rock in Rio 3 le líne-suas nua de Guns N' Roses, agus chuaigh an banna ar turais ceolchoirm tréimhsiúla a chur chun cinn an t-albam Chinese Democracy (2008). I 2012, tugadh cuireadh Rose chun an Rock and Roll Hall of Fame mar bhall de Guns N' Roses, ach níor fhreastail sé ar an ócáid.