Arda Éireann

Is grúpa sléibhte in Éirinn iad Arda Éireann, nó The ArdErins[1] i mBéarla, na cnoic is airde sa tír ar mhúnla na ‘Munros’ in Albain. Tá 406 sliabh in 43 ceantar sléibhe ar an liosta reatha, a d'fhoilsigh Sléibhteoireacht Éireann agus MountainViews.ie sa bhliain 2020. Is gá do shliabh a bheith os cionn 500m ar airde, agus an bhinn ar a laghad 30m os cionn na sléibhte atá ina thimpeall le bheith ar liosta na nArd Éireann.[2][3][4][5][6][7]
An liosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]282 sliabh atá ar liosta na Munros in Albain — sléibhte atá os cionn 914m. Dá gcuirfí an tslat tomhais sin i bhfeidhm in Éirinn ní bheadh ach 14 sliabh ar a leithéid de liosta. Beartaíodh gach sliabh atá os cionn 500m a chur ar liosta na nArd Éireann, agus na beanna nach bhfuil níos airde ná 30m ná na sléibhte eile ina dtimpeall a bhaint de. D’fhág an cur chuige sin gur 406 cnoc atá ar liosta na nArd Éireann, sléibhte aitheanta Gaeltachta ar nós an Earagail i nGaoth Dobhair agus Cnoc Bhréanainn i gCorca Dhuibhne ina measc.
Tá súil ag Sléibhteoireacht Éireann go gcabhróidh an liosta an brú ollmhór[8] a bhíonn ar chúpla cnoc timpeall na tíre a laghdú, i measc spriocanna eile. Tá súil ag an eagraíocht sléibhteoireachta go meallfaidh na 406 cnoc — in 43 “ceantar sléibhte” — atá ar an liosta lucht siúlta sléibhte go háiteanna nua ar fud na tíre, agus go mbeidh níos lú daoine ag tarraingt ar na háiteanna a bhíonn faoi bhrú mór i gCill Mhantáin agus sna Beanna Boirche, mar shampla.
Bunaíodh an liosta Arda Éireann ar liosta eile — na ‘Vandeleur-Lynams’, a ainmníodh as beirt sléibhteoirí mhóra as Éirinn. Chuir MountainViews leis an liosta sin in 2009.
Bronntar teastas ar chnocadóirí a dhreapann gach Munro in Albain. In Éirinn, is féidir le baill Shléibhteoireacht Éireann agus Mountain Views taifead a choinneáil de na cnoic atá siúlta acu ar shuíomhanna idirlín na n-eagraíochtaí, agus tugtar “aitheantas” do dhaoine a chríochnóidh an dúshlán. Bhí na 406 cnoc siúlta ag Simon Byrne, gach uile cheann acu in aon bhliain amháin, don chéad uair in 2014.[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Rothach, nó Munros na hAlban
- Ard Éireann, sliabh i gContae Laoise
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Liostaí eile : Liosta Vandeleur-Lynam (600m ar a laghad), "The Hundred Highest", "Irish County Highpoints"[10]
- Alt san iris Nós[2]
- An liosta ar mountaineering.ie Curtha i gcartlann 2021-10-28 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Arderins". www.mountaineering.ie. Dáta rochtana: 2025-05-25.
- ↑ 2.0 2.1 NÓS (2020-10-01). "‘Arda Éireann’ — liosta ‘Munros’ na hÉireann seolta ag Sléibhteoireacht Éireann agus MountainViews" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2025-05-25.
- ↑ "GO FURTH AND MULTIPLY – A WEEK ON IRELAND'S 3,000-FT SUMMITS | Munro Moonwalker". munromoonwalker.com. Dáta rochtana: 2025-05-25.
- ↑ Max (2013-11-29). "The Call of the Mountains: Ireland's Munros - an outline for Furth-baggers". The Call of the Mountains. Dáta rochtana: 2025-05-25.
- ↑ "REVIEW: Irish Peaks - A Celebration of Ireland's Highest Mountains" (en). www.ukclimbing.com (2020-11-16). Dáta rochtana: 2025-05-25.
- ↑ "Guide to Eire's 3000 Foot Mountains the Irish Munros by H Mulholland - AbeBooks" (en-GB). www.abebooks.co.uk. Dáta rochtana: 2025-05-25.
- ↑ "Walk Report - Irish Munro`s" (en-gb). Walkhighlands. Dáta rochtana: 2025-05-25.
- ↑ In 2020, b’éigean d’fheirmeoirí an cead a bhí tugtha acu do lucht siúlta sléibhte a bheith ar a gcuid talún a tharraingt siar mar gheall ar an drochiompar a bhí ag cuid acu, agus in áiteanna eile — Cuilceach i gcontae Fhear Manach mar shampla — b’éigean do na Gardaí nó don PSNI bóithre agus bealaí a dhúnadh mar gheall ar an róphlódú ar shléibhte aitheanta.
- ↑ mountaineering.ie (2020). "Irish Peaks published". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ "Arderins List". web.archive.org (2021-10-28). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-10-28. Dáta rochtana: 2025-05-25.