Arald Gormfhiacail
Cuma
| Ainm sa teanga dhúchais | (da) Harald Blåtand |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 911 (Féilire Ghréagóra) an Danmhairg, Ríocht na Danmhairge |
| Bás | 1 Samhain 985 73/74 bliana d'aois Jomsborg |
| Áit adhlactha | Wiejkowo (en) Roskilde Cathedral (en) |
| Monarc na Danmhairge | |
| 962 – 985 ← Gorm Mór – Toke Gormsson → | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | monarc |
| Gairm mhíleata | |
| Coinbhleacht | Cath Fýrisvellir agus Cath Rastarkalv |
| Ardú | |
| Teaghlach | |
| Teaghlach | Teaghlach Knýtlinga |
| Céile | Gunhild Tove of the Obotrites (en) Gyrid na Sualainne |
| Páiste | Sweyn I na Danmhairge ( Håkon Haraldsson ( Tyra na Danmhairge ( Gunhilde ( |
| Athair | Gorm Mór agus Thyra |
| Siblín | Gunnhild, Máthair Ríthe, Canute Danaást agus Toke Gormsson |
B'é Arald "Gormfhiacail" Gormsson (An tSean-Lochlannais: Haraldr blátǫnn Gormsson, Danmhairgis: Harald Blåtand Gormsen) mac an Rí Gorm na Danmhairge agus Thyra Dannebod. Fuair sé bás sa bhliain 985 nó 986 tar éis é a bheith ina Rí na Danmhairge ó c. 958 agus ina Rí na hIorua ar feadh cúpla bliain, is dócha, thart ar 970. Tugann roinnt foinsí le fios gur dhíshealbhaigh a mhac Svend Tveskæg é mar rí, le lámh láidir.
Na clocha Jelling
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba chúis le Arald na clocha Jelling a chur in airde in ómós do a thuismitheoirí. Measann an 'Encyclopædia Britannica' gurb iad na hinscríbhinní rúnacha na cinn is mó a bhíonn ar eolas i measc phobal na Danmhairge. Tugann an inscríbhinn ó na clocha Jelling achoimriú dúinn ar bheathaisnéis an rí:
- "D'ordaigh an Rí Arald na cuimhneacháin seo a bheith déanta i gcuimhne ar Ghorm, a athair, agus Thyra, a mháthair. An Arald a bhuaigh an Danmhairg agus an Iorua go léir agus a chas na Danair chun na Críostaíochta."