Aonad fístaispeána

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aonad amharcthaispeána)

Is éard is aonad fístaispeána (AFT) ná gléas le scáileán a thaispeánann carachtair nó grafaicí a ghineann ríomhaire nó feiste leictreonach eile. Is minic a úsáidtear an téarma AFT go comhchiallach le monatóir, ach is féidir leis tagairt a dhéanamh freisin do chineál eile taispeána, mar theilgeoir digiteach. Féadfaidh AFT a bheith ina ghléas imeallach nó féadfar é a chomhtháthú le comhpháirteanna eile.

Tugadh 'aonad fístaispeána' (AFT) ar mhonatóir ríomhaire roimhe seo, ach bhí an téarma seo imithe as úsáid faoi na 1990idí den chuid is mó.