Aoibhinn Beatha an Scoláire
Cuma
Foirm cheoil | dán |
---|---|
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Ghaeilge |
Is dán é Aoibhinn Beatha an Scoláire. Ní fios cé chum, ach sa 17ú haois a scríobhadh an chóip is sine den dán seo.
- Aoibhinn beatha an scoláire
- Bhíos ag déanamh léinn
- Is follas díbh, a dhaoine
- Gur dó is aoibhne in Éirinn
- Gan smacht rí air ná ruire
- Ná tiarna dá tríese
- Gan chuid cíosa ag caibidil
- Gan moich-éirí ná meirse
- Moch-éirí ná aoireacht
- Ní thabhair uaidh choíche
- ´S ní mó do bheir dá aire
- Fear faire san oíche
- Is maith biseach a sheisrí
- Ag teacht taoisigh an earraigh
- ´S eadh is crannghail dá sheisrí
- Lán a ghlaice de pheannaibh
- Do bheir sé greas ar tháiplís
- ´S ar chláirsigh go mbinne
- Greas eile ar chuairtibh
- ´S ar chumann charad uime.